Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

Priority Questions

Socruithe Maoinithe

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé ar an eolas faoi chomhráiteas poiblí a eisíodh ar 17 Eanáir 2012 inar mhol na heagrais bhunmhaoinithe d'Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo "le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe." Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar mo fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 11, 23, 26 agus 36 ar 24 Samhain 2011. Mar a mhínigh mé sa bhfreagra sin, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas atá freagrach as cinntí straitéiseacha a thógáil maidir le Foras na Gaeilge. Ag an gcruinniú den chomhairle ar 12 Deireadh Fómhair 2011, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is í an staid reatha ná gur chuir Foras na Gaeilge tús le próiseas breise comhairliúcháin phoiblí ar na dréacht-scéimeanna ar 9 Eanáir 2012 mar thoradh ar threoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Thapaigh na hAirí an deis aird a tharraingt ar an bpróiseas seo trí phreasráiteas a eisiúint ag moladh do dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin. Mairfidh an próiseas comhairliúcháin go dtí 2 Aibreán 2012. Ar an ábhar sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí dom aon bhreithiúnas sonrach a thabhairt ag an bpointe seo maidir leis an tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua. Is féidir liom a rá go bhfuil i gceist go dtabharfar tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 14 Feabhra 2012.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit,. An bhfuil sé sásta leis an méid atá déanta ag Foras na Gaeilge ar an gceist seo go dtí seo? Cé fáth gur eisigh 19 eagras ráiteas i gcoinne an tsamhail nua mhaoinithe?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé sásta go ginearálta leis an méid atá déanta ag Foras na Gaeilge. Mar is eol don Teachta, tá an cheist seo á phlé ó 2008 nó 2009. Cé go raibh Foras na Gaeilge i dteagmháil leis na heagrais bunmhaoinithe, níor éirigh leo teacht ar réiteach go dtí seo. Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 12 Deireadh Fómhair anuraidh, socraíodh go dtabharfar tréimhse eile d'Fhoras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin a chur ar siúl leis na heagrais bunmhaoinithe. Mar atá ráite agam, leanfaidh an próiseas sin go dtí 2 Aibreán, níos mó ná dhá mhí ón lá inniu. Tá súil agam go mbeidh comhoibriú, teagmháil agus dul i gcomhairle ag na heagrais bunmhaoinithe le Foras na Gaeilge i rith an tréimhse sin. Sa deireadh thiar thall, caithfimid fanacht go bhfeicfimid cad a thiocfaidh amach as an tréimhse sin. Ar ndóigh, ní mise ach an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a dhéanfaidh an cinneadh deireanach. Tá mise agus mo chomhghleacaí ó Thuaisceart Éireann inár gcomhbhaill den gcomhairle sin. Táimid ag fanacht go bhfeicfimid cad a tharlóidh. Go ginearálta, sílim go bhfuil obair mhaith á dhéanamh ag Foras na Gaeilge. Cuireadh acmhainní de €7.6 milliún ar fáil don fhoras anuraidh. Tá €7 milliún á chur ar fáil i mbliana. Aontaím go bhfuil obair thábhachtach á dhéanamh ag na heagrais bunmhaoinithe. Sílim go bhfuil an cuspóir, an aidhm agus an dearcadh céanna againn go léir maidir leis an dóigh is éifeachtaí chun ceist na teangan a chur ar aghaidh agus an luach is fearr a fháil ón maoin atá á chur ar fáil againn.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil míshástacht ann. An bhfuil sé i bhfábhar eagrais láidir bunmhaoinithe Gaelach?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá na heagrais bunmhaoinithe ag obair le fada. Tá eolas agus tuiscint acu ar chúrsaí na Gaeilge. Caithfimid úsáid a bhaint as sin. Is cuma cén réiteach a bheidh ar seo. Nuair a bheidh an tréimhse comhairliúcháin thart, agus nuair a bheidh cinneadh déanta ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas, tá súil agam go mbeimid ábalta úsáid a bhaint as an taithí, an eolas agus an stair atá ag na heagraíochtaí seo. Ag an bpointe seo, tá sé an-deacair mórán eile a rá. Tá an próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh inniu, amárach agus an mhí seo chugainn, go dtí 2 Aibreán 2012. Ar ndóigh, caithfimid go léir fanacht go bhfeicfimid cén toradh a bheidh ar an bpróiseas sin. Táimid ag coinneáil súil ghéar air. Beidh an dul chun cinn atá déanta á phlé arís ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 12 Feabhra seo chugainn.