Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

 

Socruithe Maoinithe

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá mé ar an eolas faoi chomhráiteas poiblí a eisíodh ar 17 Eanáir 2012 inar mhol na heagrais bhunmhaoinithe d'Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo "le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe." Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar mo fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 11, 23, 26 agus 36 ar 24 Samhain 2011. Mar a mhínigh mé sa bhfreagra sin, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas atá freagrach as cinntí straitéiseacha a thógáil maidir le Foras na Gaeilge. Ag an gcruinniú den chomhairle ar 12 Deireadh Fómhair 2011, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is í an staid reatha ná gur chuir Foras na Gaeilge tús le próiseas breise comhairliúcháin phoiblí ar na dréacht-scéimeanna ar 9 Eanáir 2012 mar thoradh ar threoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Thapaigh na hAirí an deis aird a tharraingt ar an bpróiseas seo trí phreasráiteas a eisiúint ag moladh do dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin. Mairfidh an próiseas comhairliúcháin go dtí 2 Aibreán 2012. Ar an ábhar sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí dom aon bhreithiúnas sonrach a thabhairt ag an bpointe seo maidir leis an tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua. Is féidir liom a rá go bhfuil i gceist go dtabharfar tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 14 Feabhra 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.