Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá mé sásta go ginearálta leis an méid atá déanta ag Foras na Gaeilge. Mar is eol don Teachta, tá an cheist seo á phlé ó 2008 nó 2009. Cé go raibh Foras na Gaeilge i dteagmháil leis na heagrais bunmhaoinithe, níor éirigh leo teacht ar réiteach go dtí seo. Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 12 Deireadh Fómhair anuraidh, socraíodh go dtabharfar tréimhse eile d'Fhoras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin a chur ar siúl leis na heagrais bunmhaoinithe. Mar atá ráite agam, leanfaidh an próiseas sin go dtí 2 Aibreán, níos mó ná dhá mhí ón lá inniu. Tá súil agam go mbeidh comhoibriú, teagmháil agus dul i gcomhairle ag na heagrais bunmhaoinithe le Foras na Gaeilge i rith an tréimhse sin. Sa deireadh thiar thall, caithfimid fanacht go bhfeicfimid cad a thiocfaidh amach as an tréimhse sin. Ar ndóigh, ní mise ach an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a dhéanfaidh an cinneadh deireanach. Tá mise agus mo chomhghleacaí ó Thuaisceart Éireann inár gcomhbhaill den gcomhairle sin. Táimid ag fanacht go bhfeicfimid cad a tharlóidh. Go ginearálta, sílim go bhfuil obair mhaith á dhéanamh ag Foras na Gaeilge. Cuireadh acmhainní de €7.6 milliún ar fáil don fhoras anuraidh. Tá €7 milliún á chur ar fáil i mbliana. Aontaím go bhfuil obair thábhachtach á dhéanamh ag na heagrais bunmhaoinithe. Sílim go bhfuil an cuspóir, an aidhm agus an dearcadh céanna againn go léir maidir leis an dóigh is éifeachtaí chun ceist na teangan a chur ar aghaidh agus an luach is fearr a fháil ón maoin atá á chur ar fáil againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.