Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

Priority Questions

Oifig an Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 2: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid damáiste don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don Straitéis 20 Bliain atá le titim amach de bharr chinneadh an Rialtais Oifig an Ombudsman agus Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh; cé mhéid airgid atá an rialtas chun a shábháil i 2012, 2013 agus 2014, an bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga i nGaillimh le dúnadh agus an ndearnadh cinneadh an Rialtais mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla roimh fhorfheidhmiú an athbhreithnithe [36917/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta agus go deimhin don Teach seo nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na hoifige sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair. Tá sé luaite go sonrach sna téarmaí tagartha don athbhreithniú go "mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga". Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go dteastóidh leasú reachtaíochta chun Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.

Ba mhaith liom a mheabhrú fosta nach é Oifig an Choimisinéara Teanga amháin an t-aon oifig ombudsman atá luaite i bplean an Rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas oifigí éagsúla, a bhfuil feidhmeanna ombudsman acu, a chónascadh ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáit.

Tá na cinntí Rialtais seo tógtha mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach caiteachais a thionscain an Rialtas agus atá faoi stiúir na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe. Tá próiseas comhairliúcháin leanúnach ar siúl idir an Roinn sin agus gach Roinn Rialtais eile mar chuid den athbhreithniú caiteachais chun gur féidir leis an Rialtas na cinntí cuí a thógáil.

Is é €670,000 soláthar an Státchiste d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana agus baineann circa €450,000 den tsuim seo le costais phá don fhoireann. Déanfar cinntí maidir leis an soláthar airgid don Oifig do 2012 agus do na blianta ina dhiaidh sin i gcomhthéacs an phróisis meastachán.

Ar ndóigh, tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá á lorg sna cúrsaí seo. Tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire maidir le seachadadh seirbhísí don saoránach.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is buille tubaisteach é seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don straitéis 20 bliana. Níl amhras ar bith ar éinne, seachas an t-Aire, go laghdóidh an cinneadh seo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Ní hé mo thuairm féin amháin atá i gceist. Tá na saineolaithe go léir agus na heagraithe feachtais atá ar son na Gaeilge ag rá an ruda chéanna.

Tá bunadh Oifig an Choimisinéara Teanga ar cheann des na rudaí is fearr a rinne aon Rialtas ariamh ar son na Gaeilge. Tacaíonn sé le cearta na teanga agus leis na gaeltachtaí. Tá a lán dul chun cinn tar éis teacht de bharr an obair atá déanta ag an gcoimisinéar.

Caitheann an cinneadh seo amhras ar cé chomh dáiríre is atá Fine Gael agus an Lucht Oibre maidir le cúrsaí Gaeilge. Roimh an toghcháin bhí na páirtithe ag caint faoin nGaeilge a scrios már ábhar riachtanach san árd teistiméireacht. Nuair a tháinig an Rialtas i bhfeidhm d'athraíodh an cómhéad idir pháistí agus múinteoirí ins na gaelscoileanna.

De réir na saineolaithe, déanfaidh an cinneadh seo an-chuid damáiste don Ghaeilge. Dúirt an t-Ollamh Williams as Ollscoil Cardiff gur cheart an cinneadh a chur ar ceal. An gcuirfidh an Rialtas an cinneadh ar ceal, ar son na Gaeilge?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an-mheas ag an Rialtas ar an obair atá á dhéanamh ag an gCoimisinéar Teanga ó bunaíodh an oifig sé bliana ó shin. Sin ceann des na fáthanna go bhfuair an coimisinéar téarma eile an bhliain seo caite go dtí 2016. Tá an-obair déanta aige agus níl aon locht ar obair an choimisinéara.

Ní buille tubaisteach don teanga é. Dúirt an Taoiseach féin, an lá a fógraíodh an cónascadh seo, nach mbéadh aon titim, aon dul ar gcúl nó aon cúlú siar ar an tseirbhís nó ar údarás an Choimisinéara Teanga maidir leis an jab atá á dhéanamh aige faoi láthair.

Níl aon rud socraithe go fóill ach an cónascadh a dhéanamh. Ní rud ann féin é a bhaineann leis an gCoimisinéar Teanga. Tá na hoifigí ombudsman eile á gcónascadh chomh maith, le hOifig an Ombudsman. Níl déanta, maidir leis an gCoimisinéar Teanga, ach cinneadh an chónascadh a dhéanamh. Tá ath-bhreithniú iomlán á dhéanamh, mar a d'fhógair mé i gCill Áirne ag an Oireachtas cupla seachtain ó shin, ar ról agus ar obair an choimisinéara, mar a dhéanann sé a chuid oibre, más féidir feabhas a chur air agus an bhfuil laigí ar bith ann. Tá an t-iomlán á mheas ins an tréimhse comhairleacháin agus ath-bhreithniú atá ar siúl anois.

Ní aontaím ar chor ar bith lena ndeir an Teachta. Ba mhaith linn rudaí a dhéanamh níos éifeachtaí más féidir é sin. Tuigeann an Teachta cúrsaí eacnamaíochta agus gurb é an polasaí ginearálta atá ag an Rialtas cuid mhór des na háiseanna seo a thabhairt le chéile. Mar a dúirt mé agus mé ag freagairt na ceiste, tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht daonlathach níos lú dúblála, agus mar sin de. Sin an príomh rud. Níl an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin. B'fhéidir, nuair a bhéadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cé mhéad airgid a chaomhnófar mar gheall ar an gcinneadh seo? Tá an oifig seo ag íoc airgid le hÚdarás na Gaeltachta. Ní féidir foireann na hoifige a dí-earcadh agus caithfear a dtuarastáil a íoc.

Nuair a bhí an t-Aire Stáit ina urlabhraí ar an nGaeilge, dúirt sé an méid seo. "Is oifigeach de chuid an Oireachtais é [an coimisinéar] agus tá léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspléach. Tá sé iontach tábhachtach go mbéadh sé mar sin go deo". Tá an neamhspleáchas sin bainte ag an Aire.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní aontaím leis an Teachta. Tá an coimisinéar neamhspleách. Caithfidh an Teachta a admháil go bhfuil an Ombudsman an-neamhspleách agus stadas an-árd ag Oifig an Ombudsman. Tá achmhainní ins an oifig sin a d'fhéadfaí cur i gcabhar ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus bheith ina dtaca dó.

Maidir leis an airgead, ní hé buntáistí airgid amháin atá i gceist, cé go bhfuil roinnt airgid i gceist. Tá gach céad míle an-thábhachtach ins an saol atá anois ann. Dá mbéadh €100,000 agamsa mar Aire Stáit atá i mbun na Gaeltachta bhéinn an-shásta at teacht isteach sa Dáil. Ní hé sin amháin atá i gceist.

Luaigh an Teachta an gaelscolaíocht agus dáiríreacht Fhine Gael. Ní aontaím leis na tuairimí atá sé ag cur chun tosaigh. Beidh a fhios aige faoi cheann cúig bliana cé chomh dáiríre agus atá Fine Gael agus an Rialtas maidir leis an Ghaeilge.

Photo of Seán BarrettSeán Barrett (Dún Laoghaire, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

I remind Deputies that the time limit is six minutes per question.