Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

 

Oifig an Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

I dtús báire, ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta agus go deimhin don Teach seo nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na hoifige sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair. Tá sé luaite go sonrach sna téarmaí tagartha don athbhreithniú go "mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga". Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go dteastóidh leasú reachtaíochta chun Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.

Ba mhaith liom a mheabhrú fosta nach é Oifig an Choimisinéara Teanga amháin an t-aon oifig ombudsman atá luaite i bplean an Rialtais chun athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí. Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas oifigí éagsúla, a bhfuil feidhmeanna ombudsman acu, a chónascadh ar mhaithe le cur chuige níos éifeachtaí agus níos sruthlínithe a chur i bhfeidhm maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh an Stáit.

Tá na cinntí Rialtais seo tógtha mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach caiteachais a thionscain an Rialtas agus atá faoi stiúir na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe. Tá próiseas comhairliúcháin leanúnach ar siúl idir an Roinn sin agus gach Roinn Rialtais eile mar chuid den athbhreithniú caiteachais chun gur féidir leis an Rialtas na cinntí cuí a thógáil.

Is é €670,000 soláthar an Státchiste d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana agus baineann circa €450,000 den tsuim seo le costais phá don fhoireann. Déanfar cinntí maidir leis an soláthar airgid don Oifig do 2012 agus do na blianta ina dhiaidh sin i gcomhthéacs an phróisis meastachán.

Ar ndóigh, tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá á lorg sna cúrsaí seo. Tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire maidir le seachadadh seirbhísí don saoránach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.