Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

 

Oifig an Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá an-mheas ag an Rialtas ar an obair atá á dhéanamh ag an gCoimisinéar Teanga ó bunaíodh an oifig sé bliana ó shin. Sin ceann des na fáthanna go bhfuair an coimisinéar téarma eile an bhliain seo caite go dtí 2016. Tá an-obair déanta aige agus níl aon locht ar obair an choimisinéara.

Ní buille tubaisteach don teanga é. Dúirt an Taoiseach féin, an lá a fógraíodh an cónascadh seo, nach mbéadh aon titim, aon dul ar gcúl nó aon cúlú siar ar an tseirbhís nó ar údarás an Choimisinéara Teanga maidir leis an jab atá á dhéanamh aige faoi láthair.

Níl aon rud socraithe go fóill ach an cónascadh a dhéanamh. Ní rud ann féin é a bhaineann leis an gCoimisinéar Teanga. Tá na hoifigí ombudsman eile á gcónascadh chomh maith, le hOifig an Ombudsman. Níl déanta, maidir leis an gCoimisinéar Teanga, ach cinneadh an chónascadh a dhéanamh. Tá ath-bhreithniú iomlán á dhéanamh, mar a d'fhógair mé i gCill Áirne ag an Oireachtas cupla seachtain ó shin, ar ról agus ar obair an choimisinéara, mar a dhéanann sé a chuid oibre, más féidir feabhas a chur air agus an bhfuil laigí ar bith ann. Tá an t-iomlán á mheas ins an tréimhse comhairleacháin agus ath-bhreithniú atá ar siúl anois.

Ní aontaím ar chor ar bith lena ndeir an Teachta. Ba mhaith linn rudaí a dhéanamh níos éifeachtaí más féidir é sin. Tuigeann an Teachta cúrsaí eacnamaíochta agus gurb é an polasaí ginearálta atá ag an Rialtas cuid mhór des na háiseanna seo a thabhairt le chéile. Mar a dúirt mé agus mé ag freagairt na ceiste, tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht daonlathach níos lú dúblála, agus mar sin de. Sin an príomh rud. Níl an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin. B'fhéidir, nuair a bhéadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.