Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

Priority Questions

An tSamhail Nua Mhaoinithe

2:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 43: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén dearcadh atá aige ar an tSamhail Nua Mhaoinithe don todhchaí agus d'eagrais dheonacha na Gaeilge. [30173/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar thoradh ar athbhreithniú seachtrach ar na heagraíochtaí a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge, d'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas gur chóir an cur chuige bunmhaoinithe a athrú chun cur chuige níos sruthlínithe agus níos cost-éifeachtaí a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá sé i gceist go mbeidh Foras na Gaeilge ag athrú ó mhúnla bunmhaoinithe don 19 n-eagraíocht atá i gceist go múnla iomaíoch, bunaithe ar scéimeanna faoina ndéanfar tosaíochtaí straitéiseacha éagsúla a sheachadadh.

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Deireadh Fómhair, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Iarradh ar Fhoras na Gaeilge roinnt céimeanna a thógáil chun an próiseas athbhreithnithe a thabhairt chun cinn, eadhon:

tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;

a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;

an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;

cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna;

plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne; agus

tuarascáil eile ar an dul chun cinn a sholáthar don chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Feabhra seo chugainn.

I bhfianaise na gcinnithe sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí domsa a bheith ag tabhairt mo bhreithiúnais ag an phointe seo maidir leis an samhail mhaoinithe nua i láthair na huaire.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Le linn na seachtaine, d'fhreastal mé féin, an Seanadóir Ó Clochartaigh agus Teachtaí Dála ó Sinn Féin ar chruinniú leis na heagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge trasna na tíre. Tá siad go léir i gcoinne an tsamhail nua mhaoinithe. Dar leo, déanfadh sé an-damáiste don infreastruchtúr atá ann. Ceapann siad go ndéanfadh sé neamhaird den taithí, eolas agus infreastruchtúr atá ag gach eagraíocht. Creideann siad go mbeadh deireadh le deich gcinn, b'fhéidir, de na heagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge ag an bomaite. Dúirt duine amháin liom go bhfuil comparáid idir an méid atá á dhéanamh agus cad a tharlódh dá mbeadh an Roinn spóirt ag iarraidh struchtúr nua a ghearradh ar Chumann Lúthchleas Gael nó an FAI, ionas go mbeadh orthu dul in iomaíocht le haghaidh airgid ón Rialtas. Níl ócáidí ar nós Seachtain na Gaeilge luaite sa samhail nua mhaoinithe. An bhfuil an Aire Stáit sásta níos mó tacaíocht a thabhairt do na heagraíochtaí atá ag feidhmiú ag an bomaite? Tá eagla orthu nach mbeidh aon todhchaí ann dóibh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a thuigeann an Teachta, téann an socrú nó an cinneadh chun dul ar aghaidh leis an athbhreithniú seo siar go dtí 2008 agus, go speisialta, go dtí 2009. Tá sé mar chúram ag Foras na Gaeilge, mar eagraíocht tras-Teorann, é sin a thabhairt chun cinn. Tá baint agam leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe agus na heagraíochtaí deonacha le blianta fada. Tá 19 dóibh ag gníomhú i ngort na Gaeilge sa tír seo. Tá 12 dóibh sa Phoblacht agus seacht gcinn ó Thuaidh. Is cinnte go bhfuil obair iontach agus thorthúil á dhéanamh acu. Ní cheart dúinn neamhaird a dhéanamh den saineolas atá acu. Ag an am céanna, tá cinneadh déanta ag an gComhaireacht Thuaidh-Theas dul ar aghaidh leis an athbhreithniú seo. Cuireadh suim nach beag - €7.6 milliún - ar fáil do na heagraíochtaí seo i 2010. Táimid ag súil go mbeidh an toradh is fearr le fáil ar an gcaiteachas sin. Tuigim go bhfuil imní ar na heagraíochtaí. Tá cuid acu, ar nós Conradh na Gaeilge, ag feidhmiú le 100 bliain. Bhí cuid acu ag obair sular tháinig muid ar an saol. Tuigim go bhfuil imní orthu. Is é sin an fáth, taréis na haighneachtaí atá déanta acu leis an Roinn agus le Teachtaí éagsúla le tamall anuas, go bhfuilimid i ndiadh tréimhse breise a thabhairt don phróiseas chomhairliúcháin. Rinneamar é sin sa dóigh go mbeidh deis againn éisteacht chúramach a thabhairt don imní atá anseo. Ba mhaith linn gníomhú dá réir, más féidir.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Iarraim ar an Aire Stáit stop a chur leis an chóras seo. Scriosfaidh an tsamhail nua mhaoinithe an eolas agus an taithí atá ag na heagraíochtaí seo. De réir an chonradh nua, ní bheidh ach trí bliana ann le haghaidh gach eagraíocht nua. Ba chóir go mbeadh leanúnachas ann. Tá an tréimhse trí bliana sa chonradh nua i bhfad ró-ghairid. An ndéanfaidh an Aire Stáit athrú ar an rud sin freisin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is dócha go mbeidh sé sin uilig á scrúdú sna trí mhí amach romhainn. D'iarr an Teachta orm an athbhreithniú a scrios. Níl sé ar mo chumas mar Aire Stáit sa Roinn seo deireadh a chur leis. Tá cinneadh déanta ag na hAirí a chuaigh romham. Tá cinneadh déanta ag an gComhaireacht Thuaidh-Theas. Is é sin an fáth gur pléadh é ag an gcruinniú deiridh. Tá súil againn go mbeidh deis againn na moltaí a thiocfaidh ón athbhreithniú seo a chíoradh agus a phlé ag an gcéad cruinniú eile i mí Feabhra seo chugainn.