Dáil debates
Tuesday, 18 October 2011
An tSamhail Nua Mhaoinithe
2:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Mar thoradh ar athbhreithniú seachtrach ar na heagraíochtaí a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge, d'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas gur chóir an cur chuige bunmhaoinithe a athrú chun cur chuige níos sruthlínithe agus níos cost-éifeachtaí a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá sé i gceist go mbeidh Foras na Gaeilge ag athrú ó mhúnla bunmhaoinithe don 19 n-eagraíocht atá i gceist go múnla iomaíoch, bunaithe ar scéimeanna faoina ndéanfar tosaíochtaí straitéiseacha éagsúla a sheachadadh.
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Deireadh Fómhair, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.
Iarradh ar Fhoras na Gaeilge roinnt céimeanna a thógáil chun an próiseas athbhreithnithe a thabhairt chun cinn, eadhon:
tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;
a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;
an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;
cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna;
plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne; agus
tuarascáil eile ar an dul chun cinn a sholáthar don chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Feabhra seo chugainn.
I bhfianaise na gcinnithe sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí domsa a bheith ag tabhairt mo bhreithiúnais ag an phointe seo maidir leis an samhail mhaoinithe nua i láthair na huaire.
No comments