Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

Priority Questions

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 40: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad atá ag tarlú leis an Straitéis Fiche Bliain; cén dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise; cén maoiniú atá curtha ar leataobh le haghaidh na straitéise; agus an bhfuil sé i gceist an straitéis a chur i bhfeidhm go hiomlán [30082/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar thoradh ar chinntí polasaí faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge a thóg an Rialtas ar 31 Bealtaine 2011, tá na cinn don Bhille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn. Táthar ag súil na dréacht chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath sa chaoi is go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta in 2012, i gcomhréir le clár reachtaíochta an Rialtais.

Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe trí bliana mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise á ullmhú san am i láthair. Os rud é go bhfuil iliomad páirtithe leasmhara luaite faoin straitéis 20 bliain, tá sé i gceist ag mo Roinn dul i ndáil chomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir leis an bplean forfheidhmithe sa chaoi is go mbeifear in ann é a fhoilsiú go luath.

Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag an aonad straitéise i mo Roinn chun dlús a chur le forfheidhmiú na straitéise: grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna, atá ag díriú ar chur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tógáil san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire; grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn, in Údarás na Gaeltachta agus i bhForas na Gaeilge, atá dírithe ar idirdhealú a dhéanamh idir na feidhmeanna ar leith atá á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí sin sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh cur chuige éifeachtach ann agus go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste; agus grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn, sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus sa Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta, atá dírithe ar na bealaí is éifeachtaí chun infheistíocht fiontraíochta a chinntiú don Ghaeltacht.

Is mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl faoi stiúir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar chaiteachas an Stáit agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil i ndáil le cur i bhfeidhm na Straitéise in 2012.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé cheana agus mar a dúirt saineolaithe freisin, níl ach 15 bliain fágtha don Ghaeilge mar theanga an phobail sa Ghaeltacht ag an bomaite seo. Sin an fáth go mbeidh béim mhór ar an straitéis 20 bliain as seo amach. Ba mhaith linn anois rudaí inláimhsithe a fheiceáil ón Rialtas. Ceapann an t-Aire Stáit go bhfuil na coistí ag feidmiú faoi láthair agus is rud mhaith í sin. An bhfuair An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta cuireadh ón Rialtas freastal ar aon cheann de na coistí sin ar chor ar bith? Labhair an t-Aire Stáit faoin plean forfheidhmithe atá cruthaithe ag an ionad straitéise. Cathain a foilseoidh an Rialtas an plean forfheidhmithe? An bhfoilseofar i mbliana é?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigimid ulig an phráinn atá leis an gceist seo. Sin an fáth gur borraíodh an straitéis 20 bliain, gur fáiltíodh roimhe agus gur thugamar go léir tacaíocht dó. Chuir páirtithe ar gach taobh den Teach agus an chomhchoiste fáilte roimhe. Mar a dúirt an Teachta Tóibín, tá an t-am gairid. Níl ach idir 15 agus 20 bliain fágtha againn, mar adúirt an staidéir teangeolaíochta. Sin an fáth go bhfuil an Rialtas ag cur an-bhéim ar an straitéis agus go bhfuil coiste ath-bhunaithe ag an Rialtas, faoi cheannas agus faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin, a raibh dhá chruinniú aige ó bunaíodh é agus gur gairid go mbeidh cruinniú eile againn.

Maidir leis na fo-choistí idir oifigigh mo Roinne agus na Roinne Oideachais agus Scileanna, chomh fada agus is eol dom beidh siad ag teagmháil leis na páirtithe leasmhara go léir. Is é mo thuairim féin go bhfuil tuairimí, barúlacha agus eolas ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a rachas chun socair go mór do cibé plean a dtiocfaimid aníos leis ins an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá mé cinnte, muna bhfuil sé déanta cheana féin ag an Roinn sin, go ndéanfaidh siad é sin gan mhoill.

Bheinn ag súil go dtabharfadh an coiste atá idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna éisteacht do gach eagraíocht atá ag plé le hoideachas trí Ghaeilge, mar go bhfuil saineolas acu ar na deacrachtaí, buntáistí agus dúshláin atá ansin. Tá súil as Dé agam, munar tharla sé go dtí seo, go dtarlóidh sé sin gan mhoill.

Níl a fhios agam an raibh tríú cheist ag an Teachta nó nach raibh.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Chuir mé ceist mar gheall ar an bplean forfhedhimithe atá ag an ionad stráitéise. Cathain a mbeidh sé foilsithe?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Chomh fada agus is eol dom, táthar ag obair de ló agus d'oíche, agus gach Roinn páirteach leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe. Bíonn siad ag dó ola na meánoíche ar na pleananna. Maidir le caidé atá i gceist, níl sé ar eolas agam féin agus ní shílim go bhfuil sé ar eolas ag an Aire in aice liom, ach sílim go mbeidh sé á chur ar fáil gan mhoill. Táimid i mí Dheireadh Fómhair anois. Muna mbíonn sé ar fáil an mhí seo táim cinnte go mbeidh sé ar fáil go luath an mhí seo chugainn. Deirim é sin agus tá mé ag tabhairt tuairim réasúnta. Ní shílim go bhfuil dáta ar bith socair go fóill, chomh fada agus is eol dom.

Tá an-chuid oibre déanta. Fiú amháin i rith an tsamhraidh nuair a bhí an chuid eile againn ar ár laethanta saoire, bhí siad ag obair air seo. Tá sé an-thábhachtach go dtiocfaidís aníos leis na cinnithe cearta, ní ar mhaithe leis an Ghaeilge ach ar mhaithe le heacnamaíocht agus geilleagair na hÉireann.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá súil agam nach bhfuil ola an mheánoíche ró-dhaor ag an mbomaite. Ar aon nós, níl aon pháirt lárnach ag na grúpaí pobail sa straitéis 20 bliain. An mbeidh seans ag na heagraíochtaí pobail a bheith páirteach sna coistí atá bunaithe ag an Rialtas?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Sílim go mbeimid ag tabhairt aird ar na heagraíochtaí atá ag gníomhú ar son na Gaeilge ins an bpobal. Tá an t-eolas ar ghréasán na Roinne i láthair na huaire. Beidh seastán ag an Oireachtas, a bhéas ar siúil i gCill Áirne ag tús na míosa seo chugainn, maidir le straitéis na Gaeilge. Táthar ag teagmháil agus tá cuireadh tugtha do h-eagraíochtaí a gcuid tuairimí a chur isteach.

Caithfidh an straitéis a bheith i gceart. Seo an seans deiridh. Caithfimid aird a thabhairt ar thuairimí luachmhara agus ar thuairimí gur fiú aird a thabhairt orthu. Ní thig linn dearmad a dhéanamh de aon tuairimí deimhnithe a thagann isteach.