Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

 

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar thoradh ar chinntí polasaí faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge a thóg an Rialtas ar 31 Bealtaine 2011, tá na cinn don Bhille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn. Táthar ag súil na dréacht chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath sa chaoi is go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta in 2012, i gcomhréir le clár reachtaíochta an Rialtais.

Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe trí bliana mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise á ullmhú san am i láthair. Os rud é go bhfuil iliomad páirtithe leasmhara luaite faoin straitéis 20 bliain, tá sé i gceist ag mo Roinn dul i ndáil chomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir leis an bplean forfheidhmithe sa chaoi is go mbeifear in ann é a fhoilsiú go luath.

Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag an aonad straitéise i mo Roinn chun dlús a chur le forfheidhmiú na straitéise: grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna, atá ag díriú ar chur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tógáil san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire; grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn, in Údarás na Gaeltachta agus i bhForas na Gaeilge, atá dírithe ar idirdhealú a dhéanamh idir na feidhmeanna ar leith atá á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí sin sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh cur chuige éifeachtach ann agus go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste; agus grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn, sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus sa Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta, atá dírithe ar na bealaí is éifeachtaí chun infheistíocht fiontraíochta a chinntiú don Ghaeltacht.

Is mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl faoi stiúir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar chaiteachas an Stáit agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil i ndáil le cur i bhfeidhm na Straitéise in 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.