Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

 

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tuigimid ulig an phráinn atá leis an gceist seo. Sin an fáth gur borraíodh an straitéis 20 bliain, gur fáiltíodh roimhe agus gur thugamar go léir tacaíocht dó. Chuir páirtithe ar gach taobh den Teach agus an chomhchoiste fáilte roimhe. Mar a dúirt an Teachta Tóibín, tá an t-am gairid. Níl ach idir 15 agus 20 bliain fágtha againn, mar adúirt an staidéir teangeolaíochta. Sin an fáth go bhfuil an Rialtas ag cur an-bhéim ar an straitéis agus go bhfuil coiste ath-bhunaithe ag an Rialtas, faoi cheannas agus faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin, a raibh dhá chruinniú aige ó bunaíodh é agus gur gairid go mbeidh cruinniú eile againn.

Maidir leis na fo-choistí idir oifigigh mo Roinne agus na Roinne Oideachais agus Scileanna, chomh fada agus is eol dom beidh siad ag teagmháil leis na páirtithe leasmhara go léir. Is é mo thuairim féin go bhfuil tuairimí, barúlacha agus eolas ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a rachas chun socair go mór do cibé plean a dtiocfaimid aníos leis ins an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá mé cinnte, muna bhfuil sé déanta cheana féin ag an Roinn sin, go ndéanfaidh siad é sin gan mhoill.

Bheinn ag súil go dtabharfadh an coiste atá idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna éisteacht do gach eagraíocht atá ag plé le hoideachas trí Ghaeilge, mar go bhfuil saineolas acu ar na deacrachtaí, buntáistí agus dúshláin atá ansin. Tá súil as Dé agam, munar tharla sé go dtí seo, go dtarlóidh sé sin gan mhoill.

Níl a fhios agam an raibh tríú cheist ag an Teachta nó nach raibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.