Dáil debates

Thursday, 21 July 2011

Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

6:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 1: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé léirmheas iomlán ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22062/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 2: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a chuirfear tús leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ar beartaíodh tabhairt faoi sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas; an gcuirfear na moltaí maithe, cuimsitheacha atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga sa tuairisc dá chuid ar an 5 Iúil 2011 san áireamh san athbhreithniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22065/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá rún agam Ceisteanna Uimh. 1 agus 2 a fhreagairt le chéile.

Ní miste a mheabhrú don Teach go bhfuil céimeanna suntasacha tógtha go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Áirítear i measc na gcéimeanna sin ná go bhfuil 105 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 191 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agus foilsithe ó tháinig an tAcht i bhfeidhm; tá 26 scéim teanga céaduaire eile, a chlúdaíonn 34 comhlacht poiblí, á n-ullmhú faoi láthair; chomh maith leis sin, tá 18dara scéim teanga daingnithe agus foilsithe go dáta agus tá 67 dara scéim teanga eile á n-ullmhú faoi láthair. Tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe ó mhí Feabhra 2004 agus tá gach foráil den Acht i bhfeidhm ó mhí Iúil 2006.

I mí Dheireadh Fómhair 2008, tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin, rinneadh na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (alt 9) 2008le teacht i bhfeidhmó 1 Márta 2009. Tá sé mar aidhm ag na rialacháin feiceálacht na Gaeilge sa saol poiblí a threisiú. Baineann na rialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ag comhlachtaí poiblí ar stáiseanóireacht, ar chomharthaíocht agus i bhfógairtí taifeadta béil. Tá 11 ordú logainmneacha déanta go dáta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ina measc an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004.

Ar iarratas ó mo Roinnse, tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge forbartha ag Foras na Gaeilge. Tá 158 duine ar an bpainéal d'aistritheoirí atá creidiúnaithe ag an bhforas.

Coimeádtar feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi bhreithniú ag mo Roinn ar bhonn leanúnach, i gcomhréir le halt 5 den Acht. Chomh maith leis sin, i gcomhréir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais, tá athbhreithniú ar leith á dhéanamh ag mo Roinn ar an Acht. Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniú sin á dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha a dhréachtú, a thógfaidh san áireamh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus na bealaí is éifeachtaí chun seirbhísí an Stáit a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge. Reáchtófar próiseas comhairliúcháin phoiblí mar chuid den athbhreithniú seo agus rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara cuí. Sa chomhthéacs seo, is cinnte go gcuirfear na moltaí atá foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga an mhí seo san áireamh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá moltaí spáisiúla ag an Choimisinéir Teanga ach go dtí níl ach mionléirmheas ar an Acht, ag plé le haistriúchán agus an scéal faoi Dingle/Daingean Uí Chúis agus cuirim fáilte roimhe sin. Cénuair a thosóidh an athbhreithniú mar a gealladh roimh an toghchán? An mbeidh an tAire sásta na moltaí a phlé leis an choiste?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniúá dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha sonracha. Tá mé dóchasach go mbeidh na téarmaí tagartha sin aontaithe i mí Mheán an Fhómhair agus go mbeidh siad réidh ansin le tús a chur leis an phróiseas chomhairliúcháin. Beidh an t-athbhreithniú críochnaithe taobh istigh de bhliain. Is cinnte go mbeimid ag dul i gcomhairle leis an choimisinéir féin agus ní fheicim aon deacracht go mbeimid i gcomhairle leis an chomhchoiste mar go bhfuil ionchur tábhachtach aige i gcúrsaí teanga agus Gaeltachta. Aon duine nó eagraíochta ag a bhfuil suim a gcuid tuairimí a chur i láthair, beidh fáilte rompu san athbhreithniú. Tá me cinnte go dtuigfidh an Teachta agus na Teachtaí eile go bhfuil an tAcht ag feidhmiú anois le beagnach deich mbliana agus go bhfuil sé in am cuí go ndéanfar aithbhreithniú ar an Acht féin. Má tá laigeachtaí ann nó aon leasuithe le déanamh, déanfar ansin iad. Rachaimid i gcomhairle agus éinne ag a bhfuil moladh, glacfar leo agus déanfar é a scrúdú. Tá súil agam go mbeidh na téarmaí tagartha ann i mí Mheán an Fhómhair agus go mbeidh an t-aithbhreithniú críochnaithe taobh istigh de bhliain ina dhiaidh sin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Aire Stáit, d'fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh dhá thuarascáil speisialta aige a thug cúntas ar chásanna ina raibh sárú déanta ag comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla teanga a chur i bhfeidh. Ní dhearna Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte agus Ard-Mhuseam na hÉireann athchomharc chun na Ard-Chúirte i gcoinne an chinnidh a rinne an coimisinéar ach fós níor chuir siad moltaí i bhfeidhm. Dúirt an coimisinéir is ar Tithe an Oireachtais a thiteann an dualgas anois. Tá sinn freagrach anois an fhadhb seo a réiteach.

An bhliain seo caite, theip ar 25% de na comhlachtaí poiblí a gcuid dualgais faoin Acht a chur i bhfeidhm. Tá an t-am ag sleamhnú thart agus ní faic déanta ag an Rialtas. Inniu chonaic muid céim siar eile ó thaobh an Bhille um Dhlí Sibhialta. Ní chaithfidh an Rialtas anois Billí a fhoilsiú ar an Idirlíon i nGaeilge ag an am céanna leis an chóip Bhéarla. Cúpla seachtain ó shin, athraíodh an córas ar an dóigh a thugtar aitheantas do Ghaelscoileanna. Beidh sé níos deacra anois Gaelscoil a bhunú. Tá a lán oibre á déanamh ag an Rialtas ach tá an obair sin in éadan na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is cúis phráinneach é seo agus iarraim ar an Aire Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an tArd-Mhuseam a thabhairt isteach anseo agus ceist a chur orthu cén fáth nach na dualgais sin comhlíonta go dtí anois. Is féidir linn iad a thabhairt isteach chuig an choiste. An bhfuil an tAire Stáit sásta sin a dhéanamh go bhfreagróidh siad ceisteanna maidir le cén fáth nach bhfuil siad chun na dualgais atá acu ó thaobh teanga de a chomhlíonadh?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An dá eagraíocht a luaigh an Teachta nach bhfuil ag cloí leis an Acht go dtí seo de réir thurascáil an choimisinéir, níl aon chúis agam i gcoinne iad a thabhairt isteach ag an chomhchoiste Oireachtais ach sílim gur sin cinneadh a bhaineann leis an chomhchoiste féin. Má tharlaíonn sé, beidh sé i gceart.

Maidir leis an leasú atáá dheanamh le halt 7 Acht na dTeangacha Oifigiúil, is cinnte go ndéantar é sin ar bhonn go raibh deacrachtaí ann go dtí seo. Ní sháraíonn sin an tAcht féin, go gcuirtear an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de Bhillí a ritheann fríd an Oireachtas agus atá sínithe ag an Uachtarán a fhoilsiú go comhuaineach ach bhí deacrachtaí mar go bhfuil moill leis an fhoilsiú sin. Bhí sé ag cothú deacrachtaí go bhfuil Billí ann atá ina ndlíthe don tír nach bhfuil leagan ar bith ar fáil. Sin an fáth gur cinneadh iad a chur ar an Idirlíon ach ní hionann sin agus a rá nach gcloífear leis an fhoráil atá san Acht go bhfoilseofar iad sa dá theanga go comhuaineach. Bhí sé riachtanach é seo a dhéanamh mar bhí daoine ag teacht os comhair na gcúirteanna agus bhí dlíodóirí agus breithimh ar lorg Achtanna nach raibh ar fáil ar chor ar bith mar tá sé de dhualgas orainn faoin Acht é a fhoilsiú go comhuaineach i mBéarla agus i nGaeilge. Níl ann ach rud sealadach agus leanfar ar aghaidh leis an dualgas atá orainn faoin Acht féin, nuair a thiocfaidh an leagan crua, foilseofar é as Gaeileg agus as Béarla.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Más fíor sin, tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil an Ghaeilge ina cúis deacrachtaí don Oireachtas. Tá seirbhíse trí Ghaeilge ar chomhchéim leis an Bhéarla ag cothú deacrachtaí do na Tithe. Tá sé go huafásach sin a chloisteáil inniu. Ba cheart dúinn gach rud a dhéanamh ar bhonn dátheangach. Ní aon mhaith ann bheith ag iarraidh daoine a mhúineadh trí Ghaeilge agus seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge mura bhfuilimid sásta an Ghaeilge a chur ar an leibhéal céanna leis an Bhéarla. Is céim siar sin d'aon teanga. In ionad Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a thabhairt isteach chuig an gcoiste, an bhfuil an tAire féin sásta cuireadh a thabhairt di chun an fhadhb a luaigh an Coimisinéir Teanga a réiteach?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis na dualgais atá ar gach comhlacht Stáit de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla, go mbeadh orthu tuarascálacha a chur ar fáil sa dá theanga agus tá mé cinnte go dtabharfaidh na heagrais a luaigh an Coimisinéir aird ar an mholadh a bhí go bhfuil easnamh ansin. Tá mé cinnte go dtarlóidh sin.

Ní shílim go gcuirfidh an leasú ar an Bhille seo isteach ar an Acht nó go sáraíonn sé an tAcht agus nuair a thiocfaidh an leagan crua amach, tiocfaidh sé amach i nGaeilge agus i mBéarla. Ar an drochuair, tá deacrachtaí ann - tá moill i gceist. Dá mbeadh gach rud foirfe, thiocfaidís amach le chéile ach déanann seo a rud sealadach le bearna a líonadh go dtí go dtiocfadh an leagan crua amach sa dá theanga.