Dáil debates

Wednesday, 3 November 2010

Priority Questions

Acadamh na hOllscholaíochta Gaeilge

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 46: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, i bhfianaise an róil lárnaigh atá ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i réimse na pleanála teanga agus na forbartha pobail sa Ghaeltacht agus an dualgais reachtúil atá ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (faoi Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006), 'a chinntiú go mbeidh oideachas á sholáthar trí mheán na Gaeilge', agus atá i measc na bpríomhaidhmeanna a bheidh leagtha amach i bPlean Straitéise na hOllscoile, céard iad na socruithe atá déanta ag an Aire chun maoiniú a dhéanamh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ar straitéis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh d'fhorbairt na hOllscolaíochta Gaeilge. [39641/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, chuir mo Roinnse cúnamh ar fáil d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ón uair a bunaíodh é chun foirgnimh agus áiseanna a fhorbairt sa Ghaeltacht agus chun na hIonaid atá ag an Acadamh sa Ghaeltacht a bhainistiú. Cuireadh cuid den chúnamh seo ar fáil tríÚdarás na Gaeltachta. Is ar mhaithe le forbairt an phobail agus buanú na Gaeilge mar theanga labhartha na ndaoine sa Ghaeltacht a cuireadh an maoiniú seo ar fáil.

Ar ndóigh, baineann an cheist maidir le maoiniú oideachas tríú leibhéal go príomha leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an tÚdarás um Ard-Oideachas agus tuigim go bhfuil plé ar siúl faoi láthair idir Ollscoil Éireann, Gaillimh, agus na húdaráis sin le hiarracht a dhéanamh teacht ar shocrú le gur féidir tacú le gníomhaíochtaí an Acadaimh.

Tá mé sásta go gcuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá an ollscolaíocht trí Ghaeilge fíor-thábhachtach le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tríábhair léinn, cúrsaí ollscoile agus taighde a chur chun cinn sna réimsí atá lárnach do thodhchaí na bpobal Ghaeltachta agus go deimhin i réimsí eile.

Beidh mise, mar Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, sásta cuidiú ar aon bhealach gur féidir liom chun an phróiseas seo a chur chun cinn agus maoiniú an Acadaimh a chórasú.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuireann séáthas orm agus is cúis mhisnigh agus dóchais dúinn uilig go dtuigeann an tAire tábhacht an acadaimh ó thaobh na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge de. Tuigeann sé an ról lárnach atá ag an oideachas i gcur chun cinn na teanga agus sa straitéis 20 bliain. Tuigeann an tAire an obair iontach atáá déanamh ag na Gaelscoileanna agus ag na Gaelcholáistí. Ag an tríú leibhéal atá an laigeacht agus an freagra air sin ná acadamh na hollscoile.

An dtig leis an Aire a rá cad é an maoiniú a rinne a Roinn féin nó a rinne Údarás na Gaeltachta ar an acadamh go dtí seo? An bhfuil sé ar intinn ag an Roinn agus ag an údarás leanúint ar aghaidh le maoiniú a chur ar fáil sa todhchaí?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tááthas orm a chloisteáil go dtuigeann an Teachta McGinley an tábhacht a bhaineann leis an chóras oideachais go ginearálta i leith na straitéise. Mar a dúirt mé sa Seanad inné, tá an córas oideachais lárnach chun an straitéis a chur i gcrích i measc an phobail.

Mar a dúirt an Teachta, tá sár-obair á déanamh ag an acadamh sin i nDún na nGall, i gConamara agus in áiteanna beaga eile ar fud na tíre. Ba mhaith liom réiteach a fháil, áfach, ar cheist mhaoinithe an acadaimh. Tá díospóireacht ar siúl faoi láthair idir oifig an Aire Oideachais agus Scileanna agus an HEA faoin mhaoiniú sin. Más féidir leis an Roinn cabhair a thabhairt dóibh, déanfaidh mé gach iarracht sin a dhéanamh. Beidh ról ag Údarás na Gaeltachta sa mhaoiniú sin.

I gcomhthéacs na meastachán, tá súil agam go bhféadfaimid réiteach a fháil ar mhaoiniú gearrthéarmach ar a laghad don acadamh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Chun an dualgas atá ar an acadamh a chomhlíonadh, tá acmhainní riachtanach. Mar dhuine atá ina chonaí i gceantar ina bhfuil an t-acadamh ag gníomhú faoi láthair, i nGaoth Dobhair, tá a fhios agam go dtugann an t-acadamh stádas úr don Ghaeilge i measc an phobail ina bhfuil sí lonnaithe. An dtuigeann an tAire cé chomh tábhachtach agus atá séó thaobh na straitéise de go leanfaidh an t-acadamh ar aghaigh leis an obair atá ar siúl aige?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis sin. Bhí caiteachas ag an acadamh timpeall €12.5 milliún. Ba cheart go mbeadh thart ar €5 milliún nó€6 milliún le fáil dó go mbeidh sé in ann leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí atá ar siúl aige faoi láthair agus na riachtanais atá aige. Tá ganntanas airgid ann, áfach, agus caithfimid bheith réadúil. Ní féidir liom a rá inniu cé mhéad airgid a bheidh le fáil ag an acadamh. Táimid ag déanamh gach rud is féidir linn a dhéanamh.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

That concludes Priority Questions.