Dáil debates

Wednesday, 3 November 2010

 

Acadamh na hOllscholaíochta Gaeilge

1:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Faoi mar is eol don Teachta, chuir mo Roinnse cúnamh ar fáil d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ón uair a bunaíodh é chun foirgnimh agus áiseanna a fhorbairt sa Ghaeltacht agus chun na hIonaid atá ag an Acadamh sa Ghaeltacht a bhainistiú. Cuireadh cuid den chúnamh seo ar fáil tríÚdarás na Gaeltachta. Is ar mhaithe le forbairt an phobail agus buanú na Gaeilge mar theanga labhartha na ndaoine sa Ghaeltacht a cuireadh an maoiniú seo ar fáil.

Ar ndóigh, baineann an cheist maidir le maoiniú oideachas tríú leibhéal go príomha leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an tÚdarás um Ard-Oideachas agus tuigim go bhfuil plé ar siúl faoi láthair idir Ollscoil Éireann, Gaillimh, agus na húdaráis sin le hiarracht a dhéanamh teacht ar shocrú le gur féidir tacú le gníomhaíochtaí an Acadaimh.

Tá mé sásta go gcuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá an ollscolaíocht trí Ghaeilge fíor-thábhachtach le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tríábhair léinn, cúrsaí ollscoile agus taighde a chur chun cinn sna réimsí atá lárnach do thodhchaí na bpobal Ghaeltachta agus go deimhin i réimsí eile.

Beidh mise, mar Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, sásta cuidiú ar aon bhealach gur féidir liom chun an phróiseas seo a chur chun cinn agus maoiniú an Acadaimh a chórasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.