Dáil debates
Wednesday, 3 November 2010
Acadamh na hOllscholaíochta Gaeilge
3:00 pm
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Tááthas orm a chloisteáil go dtuigeann an Teachta McGinley an tábhacht a bhaineann leis an chóras oideachais go ginearálta i leith na straitéise. Mar a dúirt mé sa Seanad inné, tá an córas oideachais lárnach chun an straitéis a chur i gcrích i measc an phobail.
Mar a dúirt an Teachta, tá sár-obair á déanamh ag an acadamh sin i nDún na nGall, i gConamara agus in áiteanna beaga eile ar fud na tíre. Ba mhaith liom réiteach a fháil, áfach, ar cheist mhaoinithe an acadaimh. Tá díospóireacht ar siúl faoi láthair idir oifig an Aire Oideachais agus Scileanna agus an HEA faoin mhaoiniú sin. Más féidir leis an Roinn cabhair a thabhairt dóibh, déanfaidh mé gach iarracht sin a dhéanamh. Beidh ról ag Údarás na Gaeltachta sa mhaoiniú sin.
I gcomhthéacs na meastachán, tá súil agam go bhféadfaimid réiteach a fháil ar mhaoiniú gearrthéarmach ar a laghad don acadamh.
No comments