Dáil debates
Thursday, 1 July 2010
Other Questions.
Polasaí don Ghaeilge
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 7: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil aon scéim ar bun nó ar intinn chun feidhmeannaigh teanga lánaimseartha a fhostú i ngach pobal Gaeltachta, agus iad ag feidhmiú ó oifigí nó i bhfoirgneamh atá aitheanta mar ionad tacaíochta teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28658/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-straitéis foilsithe ag an Rialtas agus bhí sí os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tamall anuas le breithniú. Tuigtear dom go mbeidh tuairisc an chomhchoiste ar fáil go luath agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas brú ar aghaidh ansin le cead an Rialtais a lorg chun an straitéis a fhoilsiú. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé deacar amscála cinnte a lua ach bheinn dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach faoi Mheán Fómhair seo chugainn.
Mar a bhí molta sa staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, cuimsíonn an dréacht-straitéis forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht. Bheadh plean teanga ag gach ceantar Gaeltachta bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na bpobal.
Chomh maith le sin, bheadh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéir teanga a thabharfadh tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga an phobail a chinntiú. Ach an straitéis a bheith foilsithe, bheadh i gceist agam go ndéanfar tuilleadh forbartha ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht i gcoitinne agus ar na tacaíochtaí a bheidh de dhíth chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Is í an deacracht atá ann ná go bhfuil an Ghaeltacht ag athrú. Blianta ó shin, bhí Gaeilge ag gach éinne sa Ghaeltacht, ach anois b'fhéidir go bhfuil teaghlaigh measctha ann ina bhfuil Gaeilge ag an athair agus Béarla ag an mháthair, nó an dóigh eile. Cothaíonn seo deacrachtaí. An aontódh an Aire go mbeadh fiúntas i scéim a chuirfeadh daoine speisialta ar fáil chun cabhair a thabhairt do theaghlaigh ina bhfuil an dá theanga sa teach, fá choinne cuidiú leis na páistí feabhas a chur ar an teanga? Nuair a bheidh an straitéis scrúduithe agus léite ag an Aire agus curtha roimh an Rialtas, an mbeidh sé sásta macnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt do scéim mar sin?
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a dúirt mé, faoi láthair, tá ionad amháin ag feidhmiú mar ionad tacaíochta teaghlaigh in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe. I láthair na huaire tá mo Roinn ag comhoibriú le pobail eile atá ag iarraidh tabhairt faoi a leithéid a fhorbairt ina gceantair féin. Táthar ag súil go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta i gcásanna eile amach anseo freisin. Ar ndóigh, is ó na pobail féin a thagann na héilimh i leith seirbhísí den saghas seo agus tá oifigigh na Roinne ar fáil i gcónaí chun comhairle a thabhairt. Fiú inniu, bhí mé i dteagmháil le m'ofigigh mar gheall ar ionad den tsórt seo in áit eile sa tír. Maidir le feidhmeannaigh teanga, níl aon fheidhmeannach fostaithe go díreach, ach cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí atá ag plé le pleanáil teanga sa Ghaeltacht, le iad a cumasú chun seirbhísí airithe a chur ar fáil trí Ghaeilge. Déantar a leithéid go hiondúil i gcomhar le heagraíochtaí eile Stáit i gcomhthéacs plean teanga i bpobail láidre Gaeilge. Clúdaíonn an dréachtstraitéis córas pleanála teanga cuimsitheach i ngach ceantar Gaeltachta. Beidh cinneadh á dhéanamh i leith na bealaí is fearr é seo a chur i bhfeidhm nuair a bheidh glactha leis an straitéis.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Sin díreach an rud a bhí i gceist agam - an t-ionad tacaíochta atá in Indreabhán in nGaillimh. Bhí an comhchoiste thíos ansin, nuair a ghlac muid fianaisí ó na pobail Gaeltachta maidir leis an straitéis. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orainn chomh fiúntach agus a bhféadfadh ionad mar sin a bheith, ní hamháin in Indreabhán ach sna ceantair Gaeltachta eile. Sílim gur fiú machnamh air.
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá tuairim agus dhá cheann eile -----
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Beartaithe nó pleanáilte?
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá siad níos faide ar aghaidh ná an pleanáil agus tá siad i gceantair sna Gaeltachtaí.
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
I gcás na Gaeltachtaí beaga, cuirim i gcás Rathcairn, Uíbh Reathach agus Gaeltacht na nDéise, an aontódh an tAire liom go bhfuil feidhmeannach mar seo thar a bheith tábhachtach chun na seirbhísí go léir atá ar fáil agus na seirbhísí nua a chur in áit sna Gaeltachtaí seo? Bhí áisitheoir againn i nGaeltacht na nDéise agus bhí tionchur an áisitheora sin an-thábhachtach ó thaobh na daoine óga a mhealladh isteach chun gníomharthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, mar shampla caithimh aimsire agus a leithéid. Muna mbíonn an tacaíocht sin ann, caillfear a lán ó thaobh forbairt agus athbheocan na teanga.
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, rud eile atá ar siúl ná díospóireacht idir an earnáil dheonach agus Foras na Gailge mar gheall ar conas is féidir comhoibriú a chothú idir na heagraíochtaí éagsúla agus féachaint cén éifeacht a bheadh acu ansin i measc pobail Ghaeilge agus Gaeltachta in áiteanna mar na Déise, Baile Bhúirne, Rathcairn, Béal Feirste agus áiteanna eile mór thimpeall na tíre. Tá súil agam, roimh deireadh na mbliana, go mbeimid in ann tuiscint níos soiléire a bheith againn ar conas is féidir maoiniú agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí sin chun cabhrú leis na pleananna áitiúla a chur i bhfeidhm iontu.