Dáil debates

Thursday, 1 July 2010

9:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-straitéis foilsithe ag an Rialtas agus bhí sí os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tamall anuas le breithniú. Tuigtear dom go mbeidh tuairisc an chomhchoiste ar fáil go luath agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas brú ar aghaidh ansin le cead an Rialtais a lorg chun an straitéis a fhoilsiú. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé deacar amscála cinnte a lua ach bheinn dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach faoi Mheán Fómhair seo chugainn.

Mar a bhí molta sa staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, cuimsíonn an dréacht-straitéis forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht. Bheadh plean teanga ag gach ceantar Gaeltachta bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na bpobal.

Chomh maith le sin, bheadh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéir teanga a thabharfadh tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga an phobail a chinntiú. Ach an straitéis a bheith foilsithe, bheadh i gceist agam go ndéanfar tuilleadh forbartha ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht i gcoitinne agus ar na tacaíochtaí a bheidh de dhíth chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.