Dáil debates

Thursday, 18 February 2010

Re-appointment of An Coimisinéir Teanga: Motion

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I move:

That Dáil Éireann recommends Mr Seán Ó Cuirreáin for re-appointment by the President to be An Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom an rún seo, a phlé muid i gcoiste Oireachtais inné, a mholadh. Cuireann sé fíor áthas orm an rún go n-athcheapfadh an tUachtarán an tUasal Seán Ó Cuirreáin, mar Choimisinéir Teanga a mholadh.

Tá ról an Choimisinéir Teanga ar cheann de na bun-chlocha ar a bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla tógtha. De réir alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, is í an tUachtarán a cheapann an Coimisinéir Teanga, ar chomhairle an Rialtais agus tar éis don Dáil agus don Seanad rún a rith ag moladh an duine a cheapfar. Sé bhliain a mhaireann téarma an choimisinéara agus is féidir é nó í a cheapadh arís. Ar an 22 Feabhra 2004, ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar an chéad Coimisinéir Teanga. Tagann deireadh lena théarma oifige Dé Luain seo chugainn. Tá cinneadh Rialtais déanta rún a mholadh don Dáil agus don Seanad go ndéanfadh an tUachtarán an tUasal Ó Cuirreáin a athcheapadh mar Choimisinéir Teanga do thréimhse eile sé bliana.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Uasal Ó Cuirreáin as ucht na hoibre ar fad atá déanta aige mar Choimisinéir Teanga. Tá obair cheannródaíochta déanta aige le sé bliana anuas. Sílim go bhfuil gach duine sa Teach seo ar aon intinn faoi seo, mar a léirigh ceannairí príomh-pháirtithe an Fhreasúra sa Dáil le déanaí agus mar a léiríodh sa choiste inné. Tá go leor bainte amach aige go dtí seo. Tá an oifig i mbéal an phobail agus is acmhainn fíor-thábhachtach í don Ghaeilge agus do phobal na tíre seo ar spéis leo úsáid na Gaeilge a chleachtadh. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh, thar mo cheann féin agus thar cheann an Rialtais, buíochas ó chroí a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin agus lena fhoireann as ucht a gcuid oibre le sé bliana anuas.

Tacaím go láidir leis an rún atá molta le cur os comhair an Tí seo go gceapfaí an tUasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga an athuair.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níor labhair an tAire chomh fada sin agus a bhí mé ag súil go labhródh sé. Ní raibh sé ach trí nóiméad ag caint agus bhí mé ag súil go mbeadh sé cúig nóiméad ag caint.

Tá lúcháir an tsaoil orm deis a bheith agam cur leis an rún seo, an Coimisinéir Teanga a athcheapadh ar feadh téarma eile. Tá sé bliana caite aige i mbun a chuid dualgaisí agus sílim go n-aontaíonn gach duine sa Teach go bhfuil obair fhiúntach agus obair an-mhaith ar siúl aige. Bhí muid go léir ag fanacht agus ag tnúth lean thuairisc bliaintúil gach bliain. Is cinnte go mbíonn ábhar léitheoireachta suimiúil ann.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do thuairisc a chuir sé ar fáil, an tuairisc bliantiúil do 2008. Bhí moladh iontach fiúntach sa tuarascáil sin nuair a mhol sé go mbeadh céatadán áirithe jabanna curtha ar fáil sa Stát Seirbhís do dhaoine a raibh cumas labhartha agus scríofa Gaeilge acu. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire go bhfuil laige sa Státchóras i láthair na huaire agus go bhfuil sé deacair go leor daoine a fháil a bhfuil cumas Gaeilge acu lena gcuid oibre a dhéanamh go proifisiúnta le daoine a éilíonn an tseirbhís sin. Mhol an coimisinéir go mbeadh céatadán áirithe le Gaeilge ag dul isteach sa Stát Seirbhís. Tá a fhios agam go bfhuil scéimeanna ag an Stát Seirbhís le cúrsaí Gaeilge a chur a fáil do dhaoine atá sa Stát Seirbhís cheana féin, ach bheadh sé mar incentive, nó mheallfadh sé daoine an Ghaeilge a fhoghlaim ar an scoil agus sa choláiste, agus mar sin de, agus cothódh sé suim san Ghaeilge taobh amuigh, dá mbeadh a fhios ag daoine go raibh céatadán áirithe áiteanna sa Stát Seirbhís do dhaoine a raibh cumas Gaeilge acu. B'fhéidir go bhfuil seirbhísí ar fáil i bhFraincís nó i dteangacha eile, ach cén fáth nach mbeadh siad ar fáil i nGaeilge? Mar a sheasann an scéal i láthair na huaire, tá an trucail nó an carr roimh an capall. Ba chóir an capall a chur roimh an carr agus Gaeilgeoirí a thabhairt isteach a mbeadh an cumas sin iontu.

Chomh fada agus is eol domsa, tá seo molta ag an coimisinéir. Chuir sé ar aghaidh é chuig na daoine a bhí i mbun straitéise don teanga, chuig Fiontar agus chuig na heolaithe idirnáisiúnta. Sílim freisin gur ghlac siad le staidéar ar an Idirlíon atá ag an Coimisinéir Teanga. Tuigeann an tAire cad atá á rá agam. Is mór an trua é nach bhfuil an moladh a rinne sé chomh láidir sa straitéis mar atá go dtí seo, ach tá dóchas agam go mbeidh muid ábalta athrú agus leasú a dhéanamh ar an straitéis sin. Bheadh sé iontach dá mbeadh muid in ann a rá, "Má tá cumas Gaeilge agat, tá seans níos fearr agat post a fháil sa Stát Seirbhís." Ní hionann sin agus a rá nach gheobhaidh duine post sa Stát Seirbhís muna bhuil Gaeilge aige nó aici, ach go mbeidh buntáiste ag duine ag a bhfuil cumas Gaeilge aige nó aici, buntáiste teoranta ach buntáiste tábhachtach. Sin é mo phríomh pointe.

Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an coimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé.

Níl a fhios agam cé mhéid ama atá fágtha, ach ba mhaith liom nóiméad a thabhairt do mo chomhleacaí, an Teachta Michael Ring.

Photo of Michael KennedyMichael Kennedy (Dublin North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé leathuair tar éis a haon agus caithfear críochnú nó an rún a athrú go lá éigin eile. Tá orainn dul ar aghaidh go dtí an Bille, George Mitchell Scholarship Fund (Amendment) Bill, anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fadhb ann. Phlé muid an rún seo inné sa choiste. Tá an coimisinéir le ceapadh. Tá sé as oifig Dé Luain agus seo é an lá dheireadh do suí na Dála an tseachtain seo. An féidir linn an rún a aontú inniu? Níl aon fhadhb agamsa é a phlé. Caithfinn an mhaidin ar far á phlé, ach níl aon neart agam ar an easpa ama. Níor mhaith liom, áfach, nach bhféadfainn a dhéanamh cinnte go mbeadh sé athcheaptha - tá orm dul chuig an Seanad ag a dó a chlog - roimh Dé Luain ag an Uachtarán. Mar sin, tá sé tábhachtach go nglacfar leis an rún inniu.

Photo of Michael KennedyMichael Kennedy (Dublin North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil an Teachta O'Shea sásta le sin?

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Caithfimid é sin a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An fáth go raibh mise chomh gearr ag caint, ná gur thuig mé go ndúradh go raibh orainn críochnú ag leathuair tar éis a haon. Sin an fáth nár thóg mé ach an dá nóiméad.

Photo of Michael KennedyMichael Kennedy (Dublin North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil gach éinne sásta le sin? Ceart go leor. Glacann muid leis an rún.

Question put and agreed to.