Dáil debates

Thursday, 18 February 2010

Re-appointment of An Coimisinéir Teanga: Motion

 

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Níor labhair an tAire chomh fada sin agus a bhí mé ag súil go labhródh sé. Ní raibh sé ach trí nóiméad ag caint agus bhí mé ag súil go mbeadh sé cúig nóiméad ag caint.

Tá lúcháir an tsaoil orm deis a bheith agam cur leis an rún seo, an Coimisinéir Teanga a athcheapadh ar feadh téarma eile. Tá sé bliana caite aige i mbun a chuid dualgaisí agus sílim go n-aontaíonn gach duine sa Teach go bhfuil obair fhiúntach agus obair an-mhaith ar siúl aige. Bhí muid go léir ag fanacht agus ag tnúth lean thuairisc bliaintúil gach bliain. Is cinnte go mbíonn ábhar léitheoireachta suimiúil ann.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do thuairisc a chuir sé ar fáil, an tuairisc bliantiúil do 2008. Bhí moladh iontach fiúntach sa tuarascáil sin nuair a mhol sé go mbeadh céatadán áirithe jabanna curtha ar fáil sa Stát Seirbhís do dhaoine a raibh cumas labhartha agus scríofa Gaeilge acu. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire go bhfuil laige sa Státchóras i láthair na huaire agus go bhfuil sé deacair go leor daoine a fháil a bhfuil cumas Gaeilge acu lena gcuid oibre a dhéanamh go proifisiúnta le daoine a éilíonn an tseirbhís sin. Mhol an coimisinéir go mbeadh céatadán áirithe le Gaeilge ag dul isteach sa Stát Seirbhís. Tá a fhios agam go bfhuil scéimeanna ag an Stát Seirbhís le cúrsaí Gaeilge a chur a fáil do dhaoine atá sa Stát Seirbhís cheana féin, ach bheadh sé mar incentive, nó mheallfadh sé daoine an Ghaeilge a fhoghlaim ar an scoil agus sa choláiste, agus mar sin de, agus cothódh sé suim san Ghaeilge taobh amuigh, dá mbeadh a fhios ag daoine go raibh céatadán áirithe áiteanna sa Stát Seirbhís do dhaoine a raibh cumas Gaeilge acu. B'fhéidir go bhfuil seirbhísí ar fáil i bhFraincís nó i dteangacha eile, ach cén fáth nach mbeadh siad ar fáil i nGaeilge? Mar a sheasann an scéal i láthair na huaire, tá an trucail nó an carr roimh an capall. Ba chóir an capall a chur roimh an carr agus Gaeilgeoirí a thabhairt isteach a mbeadh an cumas sin iontu.

Chomh fada agus is eol domsa, tá seo molta ag an coimisinéir. Chuir sé ar aghaidh é chuig na daoine a bhí i mbun straitéise don teanga, chuig Fiontar agus chuig na heolaithe idirnáisiúnta. Sílim freisin gur ghlac siad le staidéar ar an Idirlíon atá ag an Coimisinéir Teanga. Tuigeann an tAire cad atá á rá agam. Is mór an trua é nach bhfuil an moladh a rinne sé chomh láidir sa straitéis mar atá go dtí seo, ach tá dóchas agam go mbeidh muid ábalta athrú agus leasú a dhéanamh ar an straitéis sin. Bheadh sé iontach dá mbeadh muid in ann a rá, "Má tá cumas Gaeilge agat, tá seans níos fearr agat post a fháil sa Stát Seirbhís." Ní hionann sin agus a rá nach gheobhaidh duine post sa Stát Seirbhís muna bhuil Gaeilge aige nó aici, ach go mbeidh buntáiste ag duine ag a bhfuil cumas Gaeilge aige nó aici, buntáiste teoranta ach buntáiste tábhachtach. Sin é mo phríomh pointe.

Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an coimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé.

Níl a fhios agam cé mhéid ama atá fágtha, ach ba mhaith liom nóiméad a thabhairt do mo chomhleacaí, an Teachta Michael Ring.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.