Dáil debates

Thursday, 18 February 2010

Re-appointment of An Coimisinéir Teanga: Motion

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

I move:

That Dáil Éireann recommends Mr Seán Ó Cuirreáin for re-appointment by the President to be An Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom an rún seo, a phlé muid i gcoiste Oireachtais inné, a mholadh. Cuireann sé fíor áthas orm an rún go n-athcheapfadh an tUachtarán an tUasal Seán Ó Cuirreáin, mar Choimisinéir Teanga a mholadh.

Tá ról an Choimisinéir Teanga ar cheann de na bun-chlocha ar a bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla tógtha. De réir alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, is í an tUachtarán a cheapann an Coimisinéir Teanga, ar chomhairle an Rialtais agus tar éis don Dáil agus don Seanad rún a rith ag moladh an duine a cheapfar. Sé bhliain a mhaireann téarma an choimisinéara agus is féidir é nó í a cheapadh arís. Ar an 22 Feabhra 2004, ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar an chéad Coimisinéir Teanga. Tagann deireadh lena théarma oifige Dé Luain seo chugainn. Tá cinneadh Rialtais déanta rún a mholadh don Dáil agus don Seanad go ndéanfadh an tUachtarán an tUasal Ó Cuirreáin a athcheapadh mar Choimisinéir Teanga do thréimhse eile sé bliana.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Uasal Ó Cuirreáin as ucht na hoibre ar fad atá déanta aige mar Choimisinéir Teanga. Tá obair cheannródaíochta déanta aige le sé bliana anuas. Sílim go bhfuil gach duine sa Teach seo ar aon intinn faoi seo, mar a léirigh ceannairí príomh-pháirtithe an Fhreasúra sa Dáil le déanaí agus mar a léiríodh sa choiste inné. Tá go leor bainte amach aige go dtí seo. Tá an oifig i mbéal an phobail agus is acmhainn fíor-thábhachtach í don Ghaeilge agus do phobal na tíre seo ar spéis leo úsáid na Gaeilge a chleachtadh. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh, thar mo cheann féin agus thar cheann an Rialtais, buíochas ó chroí a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin agus lena fhoireann as ucht a gcuid oibre le sé bliana anuas.

Tacaím go láidir leis an rún atá molta le cur os comhair an Tí seo go gceapfaí an tUasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga an athuair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.