Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

Other Questions.

Plean Gníomhachaíochta don Ghaeltacht.

3:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 76: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó cruinniú den Choiste Rialtais i leith an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeltacht a bhí ann ó thús na bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16714/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí cruinniú den Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar 18 Feabhra 2009 agus tá an chéad cruinniú eile socraithe do 21 Bealtaine 2009.

Ar ndóigh, tá obair ar siúl go leanúnach idir cruinnithe maidir leis na gnéithe éagsúla atá faoi chaibidil ag an gCoiste. Tá Grúpa d'Oifigigh Sinsearacha curtha le chéile, ar a bhfuil ionadaithe ó na Ranna Stát éagsúla a bhfuil baint ar leith acu leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. I measc na ngnéithe éagsúla a bhíonn á bplé ag an nGrúpa sin, tá na moltaí atá déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an dréacht-Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhí dhá cruinniú ann agus tá leath na bliana imithe beagnach. Deir an tAire go bhfuil obair ar siúl idir an dá linn, ach níl aon rud feicthe agamsa go fóill. An b'fhéadfadh an tAire insint dom an bhfuil aon tuarascáil eile le foilsiú sula críochnaíonn sé an obair seo? Tá mé ag éirí éadóchasach os rud é nach bhfuil aon rud fiúntach le feiceáil. Níl aon eolas á fáil againn. Deireann an tAire go bhfuil seo agus siúd ag tarlú, ach creidim nach bhfuil faic i ndáiríre ag tarlú. Cad iad na cinntí atá déanta? Mar shampla, an bhfuil moltaí déanta ó thaobh teorainn na Gaeltachta? An bhfuil moltaí soiléire ann nó an bhfuil an scéal mar a bhíonn i gcónaí leis an Roinn seo agus an bhfuil rudaí measctha agus casta? An bhfuil aon obair déanta ar an sainmhíniú ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil muid gar leis an sainmhíniú deiridh a bheidh ag dul sa reachtaíocht.

Dúirt an tAire go mbeidh cáipéis amháin ag teacht amach — sin an stráitéis mar a bhí agus an plean gníomhach. Tá reachtaíocht le teacht amach ansin agus reachtaíocht i dtaobh an údaráis, ach on taobh seo den Teach, níl aon rud feicthe againn a thabharfadh aon dóchas dúinn go bhfuil obair fhiúntach idir lámha agus go mbeidh toradh ar sin go luath.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Creidim féin, má tá muid leis an athbhreithniú thar a bheith críochnúil agus cuimsitheach atá sé i gceist agam a dhéanamh, go gcaithfear dul tríd phróiseas atá fadálach. Admhaím sin, ach tá súil agam go dtabharfaidh sé treo nua don Ghaeilge go ceann fiche bliain. Tá go leor Rannaí Stáit agus eagraíochtaí i gceist agus go leor plé le déanamh. Tuigim go bhfuil frustrachas ar Bhaill an Tí, mar ag an bpointe seo níl tada le feiceáil. Tá siad ag cloisteáil faoi cruinnithe agus faoi tuarascálacha agus níl tada le feiceáil. Glacaim le sin. Ach an lá a dhéanfar cinneadh ag an Rialtas, déanfar cinneadh ar an doiciméad deiridh. Mar sin, ní bheidh aon chinneadh againn go dtí an nóiméad go ndéanfar an cinneadh agus ansin beidh gach cinneadh againn.

Mar atá ráite ag an Teachta, agus agamsa go minic, ceann de na ceisteanna go gcaithfear aghaidh a thabhairt air ná go bhfuil sainmhíniú na Gaeltachta faoi Acht 1956 as dáta ar fad. Níl sé feidhmiúil agus ní mór sainmhíniú nua a thabhairt do chéard is Gaeltacht. Déanfar sin. Caithfear é sin a dhéanamh agus tá mé sásta an méid sin a rá. Níl mé chun dul ag tógáil cinntí an choiste ar úrláir an Tí ach is léir go gcaithfear sin a dhéanamh.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Cathain?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An lá a dtógfaidh an Rialtas cinneadh ar mholtaí ar an stráitéis 20 bliain, beidh gach aon chinneadh déanta. Mar a deireann na ceardchumainn — an chaoi a bhfuil an rud seo á láimhseáil ná — No decision is taken until all decisions are taken. Déanfar na cinntí ar fad ar aon lá amháin. Tá súil agam nach mbeidh sin ró-fhad uainn. Ach braitheann sin ar cé chomh fada agus a thógfaidh sé orthu plean foirfe a fháil. Más rogha idir foirfeacht agus deifir, b'fhearr liomsa dul le foirfeacht.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá sé sin sofheicthe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An fhad is atá sé sofheicthe, suífidh mise síos. Is dóigh liom go bhfuil mé tar éis mo chás a chur i láthair chomh maith agus is féidir.