Dáil debates
Wednesday, 29 April 2009
Plean Gníomhachaíochta don Ghaeltacht.
3:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Bhí dhá cruinniú ann agus tá leath na bliana imithe beagnach. Deir an tAire go bhfuil obair ar siúl idir an dá linn, ach níl aon rud feicthe agamsa go fóill. An b'fhéadfadh an tAire insint dom an bhfuil aon tuarascáil eile le foilsiú sula críochnaíonn sé an obair seo? Tá mé ag éirí éadóchasach os rud é nach bhfuil aon rud fiúntach le feiceáil. Níl aon eolas á fáil againn. Deireann an tAire go bhfuil seo agus siúd ag tarlú, ach creidim nach bhfuil faic i ndáiríre ag tarlú. Cad iad na cinntí atá déanta? Mar shampla, an bhfuil moltaí déanta ó thaobh teorainn na Gaeltachta? An bhfuil moltaí soiléire ann nó an bhfuil an scéal mar a bhíonn i gcónaí leis an Roinn seo agus an bhfuil rudaí measctha agus casta? An bhfuil aon obair déanta ar an sainmhíniú ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil muid gar leis an sainmhíniú deiridh a bheidh ag dul sa reachtaíocht.
Dúirt an tAire go mbeidh cáipéis amháin ag teacht amach — sin an stráitéis mar a bhí agus an plean gníomhach. Tá reachtaíocht le teacht amach ansin agus reachtaíocht i dtaobh an údaráis, ach on taobh seo den Teach, níl aon rud feicthe againn a thabharfadh aon dóchas dúinn go bhfuil obair fhiúntach idir lámha agus go mbeidh toradh ar sin go luath.
No comments