Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

 

Plean Gníomhachaíochta don Ghaeltacht.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Creidim féin, má tá muid leis an athbhreithniú thar a bheith críochnúil agus cuimsitheach atá sé i gceist agam a dhéanamh, go gcaithfear dul tríd phróiseas atá fadálach. Admhaím sin, ach tá súil agam go dtabharfaidh sé treo nua don Ghaeilge go ceann fiche bliain. Tá go leor Rannaí Stáit agus eagraíochtaí i gceist agus go leor plé le déanamh. Tuigim go bhfuil frustrachas ar Bhaill an Tí, mar ag an bpointe seo níl tada le feiceáil. Tá siad ag cloisteáil faoi cruinnithe agus faoi tuarascálacha agus níl tada le feiceáil. Glacaim le sin. Ach an lá a dhéanfar cinneadh ag an Rialtas, déanfar cinneadh ar an doiciméad deiridh. Mar sin, ní bheidh aon chinneadh againn go dtí an nóiméad go ndéanfar an cinneadh agus ansin beidh gach cinneadh againn.

Mar atá ráite ag an Teachta, agus agamsa go minic, ceann de na ceisteanna go gcaithfear aghaidh a thabhairt air ná go bhfuil sainmhíniú na Gaeltachta faoi Acht 1956 as dáta ar fad. Níl sé feidhmiúil agus ní mór sainmhíniú nua a thabhairt do chéard is Gaeltacht. Déanfar sin. Caithfear é sin a dhéanamh agus tá mé sásta an méid sin a rá. Níl mé chun dul ag tógáil cinntí an choiste ar úrláir an Tí ach is léir go gcaithfear sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.