Dáil debates

Tuesday, 18 November 2008

Priority Questions

Údarás na Gaeltachta.

2:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 80: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an tionchar a bheidh ag na giorruithe a fógraíodh sa cháinaisnéis ar imeachtaí agus éifeacht Údarás na Gaeltachta ó thaobh tograí úra, comharchumainn, naíonraí, clár tógála agus inmharthanacht an Údaráis go ginearálta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40982/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá dúshláin mhóra airgeadais roimh na tíre faoi láthair a heascraíonn as cúinsí idirnáisiúnta agus náisiúnta. Chun dul i ngleic leis na dúshláin seo, níl de rogha ag an Rialtas ach srianta a chur le caiteachas trasna na earnála Stáit ar fad agus féachaint chuige go bhfuil an luach is fearr agus is féidir á fháil as an gcaiteachas sin.

Tá soláthar iomlán de €37.129 milliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta sna Meastacháin do 2009. Cé gur laghdú de thuairim is 8% é seo i gcomparáid le Meastacháin 2008, creidimse nach gciallaíonn sé seo go mbeidh ciorrú substaintiúil á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Údaráis i dtaca le leas phobal na Gaeltachta.

Ar an chéad dul síos, tá suim bhreise de €2 milliún á chur ar fáil ag mo Roinn don Údarás i mbliana chun cabhrú leis an chlár caipitil atá idir lámha a chur chun cinn. Ar an dara dul síos, beidh sé de dhualgas ar an Údarás, mar aon le gach eagraíocht Stáit eile i gcomhthéacs na gcúinsí airgeadais atá tagtha chun cinn, grinnscrúdú a dhéanamh ar réimsí caiteachais uile na heagraíochta, an réimse riaracháin ach go háirithe, chun féachaint chuige go bhfuiltear ag feidhmiú ar bhealach atá lán-éifeachtach agus tairbheach. Sa chomhthéacs seo agus ag éirí as cruinnithe a bhí agam le gairid leis an gcathaoirleach, leis an bpríomhfheidhmeannach agus le toscaireacht ón mbord, tá mise dóchasach go mbeidh an tÚdarás in ann feidhmiú laistigh dá bhuiséad trí straitéisí nuálacha a chur i gcrích agus tríd úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní agus cláracha Stáit éagsúla atá ar fáil.

Ar ndóigh, ní mór féachaint ar chomhthéacs níos leithne ná an tÚdarás féin chomh fada agus a bhaineann sé le caiteachas an Stáit ar an nGaeltacht. Chomh maith leis an soláthair sa bhreis ar €37 milliún atá ar fáil don Údarás i 2009, tá €54 milliún eile beagnach le caitheamh trí Vóta mo Roinnse ar scéimeanna éagsúla sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin, a bhfuil formhór an daonra a chónaíonn orthu sa Ghaeltacht. Meabhraím don Teachta freisin go bhfuil €17.3 milliún agus €4.6 milliún ceadaithe faoin gclár nua forbartha tuaithe do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta agus do Chomhar na nOileán faoi seach don tréimhse cúig bliana amach romhainn. Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta, mar sin, nach bhfuil neamhaird á dhéanamh ag an Stát ar riachtanais fhorbartha na Gaeltachta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh mé a rá go bhfuil an tAire i bhfad níos dóchasaí faoi thodhcaí an Údaráis sa bhliain amach romhainn ná mar atá mise. Is cinnte go bhfuil sé níos dóchasaí ná mar atá baill thofa Údarás na Gaeltachta, baill ainmnithe Údarás na Gaeltachta agus feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta, mar go raibh orthu cruinniú a éileamh leis an Aire le seachtain nó dhó anuas chun iarracht a dhéanamh a fhreagraí a fháil.

Anois, nuair a fheiceann muid go bhfuil gearradh siar de 15% ar chaiteachas reatha an Údaráis, nach n-aontódh an tAire liom go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin do mhór-imeachtaí agus d'imeachtaí tábhachtacha an Údaráis? Mar shampla, imeachtaí cosúil le folúntais a líonadh, costais foirne, cruinnithe boird, comhairleoirí agus fadhbanna cothabhála. Bíonn airgead de dhíth ag an Údarás le haghaidh iad seo seachtain i ndiaidh seachtaine agus mí i ndiaidh míosa.

Cé go ndúirt an tAire go bhfuil eagraíochtaí eile faoin a chúram atá ag fáil €54 milliún, nach n-aontódh an tAire liom gurb é an t-Údarás príomh eagraíocht forbartha na Gaeltachta chomh fada agus a bhaineann sé le fostaíocht, eacnamaíocht agus mar sin de? Cuir i gcás go bhfuil mór thionscal ann — tá na feidhmeannaigh le moladh as a bheith amuigh lá agus oíche ag cuardach mór thionscnaimh dos na Gaeltachtaí — agus go n-aimsíonn siad ceann, ach go mbeidh airgead breise de dhíth, an gciallaíonn seo nach mbeidh siad ábalta a leithéid a mhealladh isteach sa Ghaeltacht chun fostaíochta fíor thábhachtach a chur ar fáil?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh sé deacair an méid sin a fhreagairt san am atá agam. Ar an gcaiteachas, séard atá déanta agam ná, tá €2 mhilliúin a bhí le tabhairt an bhliain seo chugainn tugtha cheana féin i mbliana. Sin €2 mhilliúin breise i mbliana. Ní hamháin sin, ach níl na gciorraithe ach €1.5 milliúin an bhliain seo chugainn. Mar sin, tá €0.5 milliúin breise thar mar a gealladh san NDP tugtha ó thaobh chaipitil de.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sin caite i mbliana.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Sea. D'iarr siad go dtabharfaí ar aghaidh é, mar bhí roinnt díolacháin i gceist acu a dhéanamh, nach rabhadar in ann a dhéanamh i mbliana agus tá súil acu iad a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Is iad féin a d'iarr orm é a dhéanamh mar seo.

Maidir le cúrsaí riaracháin, tá €11.9 milliúin curtha ar fáil, ach le sin, tá na cíosanna a fhaigheann an tÚdarás. Fágann sin go bhfuil €13 mhilliúin nó €14 mhilliúin le haghaidh cúrsaí riaracháin. Caithfimid cur le sin an t-airgead riaracháin ar fad atá á íoc le MFG agus Comhar na nOileán atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Caithfimid an cheist a chur faoi sin.

I gcomhthéacs na ráitis atá á chur amach ag an Teachta Richard Bruton, agus na ráitis atá á dhéanamh ag ceannaire Fhine Gael——

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ná bac leis an Teachta Richard Bruton, is leis an Aire atá muid ag plé. Beimid ag plé leis an Teachta Bruton nuair a bheidh sé thall ar an dtaobh sin.

Photo of John O'DonoghueJohn O'Donoghue (Kerry South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

Tá an t-am istigh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom ceist eile a chur ar an Aire. I dtaobh na h-eagraíochtaí teanga, na h-eagraíochtaí cultúrtha, na naíonraí agus na comharchumainn, an mbeidh siadsan in ann gníomhú leis an gearradh siar atáthar ag cur i bhfeidhm?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ráite agam cheana, nach mbeidh aon chiorrú ar na naíonraí. Maidir leis na h-eagraíochtaí pobal-bhunaithe, tá roinnt eagraíochtaí pobal-bhunaithe atá á mhaoiniú ag an Roinn i gceanntracha Gaeltachta agus eagraíocht ag an Údarás sa gceanntair céanna. Níl aon chiall leis sin. Tá sé ráite ag Teachta go bhfuil dul amú ar an Údarás leis sin. Beidh comheagar á dhéanamh idir an Roinn agus an t-Údarás leis na fadhbanna seo a réiteach agus tá comhoibriú iomlán le fáil ar an mbord agus táimid ar chomhthuiscint ar an mhéid sin.