Dáil debates

Tuesday, 18 November 2008

2:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Caithfidh mé a rá go bhfuil an tAire i bhfad níos dóchasaí faoi thodhcaí an Údaráis sa bhliain amach romhainn ná mar atá mise. Is cinnte go bhfuil sé níos dóchasaí ná mar atá baill thofa Údarás na Gaeltachta, baill ainmnithe Údarás na Gaeltachta agus feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta, mar go raibh orthu cruinniú a éileamh leis an Aire le seachtain nó dhó anuas chun iarracht a dhéanamh a fhreagraí a fháil.

Anois, nuair a fheiceann muid go bhfuil gearradh siar de 15% ar chaiteachas reatha an Údaráis, nach n-aontódh an tAire liom go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin do mhór-imeachtaí agus d'imeachtaí tábhachtacha an Údaráis? Mar shampla, imeachtaí cosúil le folúntais a líonadh, costais foirne, cruinnithe boird, comhairleoirí agus fadhbanna cothabhála. Bíonn airgead de dhíth ag an Údarás le haghaidh iad seo seachtain i ndiaidh seachtaine agus mí i ndiaidh míosa.

Cé go ndúirt an tAire go bhfuil eagraíochtaí eile faoin a chúram atá ag fáil €54 milliún, nach n-aontódh an tAire liom gurb é an t-Údarás príomh eagraíocht forbartha na Gaeltachta chomh fada agus a bhaineann sé le fostaíocht, eacnamaíocht agus mar sin de? Cuir i gcás go bhfuil mór thionscal ann — tá na feidhmeannaigh le moladh as a bheith amuigh lá agus oíche ag cuardach mór thionscnaimh dos na Gaeltachtaí — agus go n-aimsíonn siad ceann, ach go mbeidh airgead breise de dhíth, an gciallaíonn seo nach mbeidh siad ábalta a leithéid a mhealladh isteach sa Ghaeltacht chun fostaíochta fíor thábhachtach a chur ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.