Dáil debates

Tuesday, 18 November 2008

2:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, tá dúshláin mhóra airgeadais roimh na tíre faoi láthair a heascraíonn as cúinsí idirnáisiúnta agus náisiúnta. Chun dul i ngleic leis na dúshláin seo, níl de rogha ag an Rialtas ach srianta a chur le caiteachas trasna na earnála Stáit ar fad agus féachaint chuige go bhfuil an luach is fearr agus is féidir á fháil as an gcaiteachas sin.

Tá soláthar iomlán de €37.129 milliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta sna Meastacháin do 2009. Cé gur laghdú de thuairim is 8% é seo i gcomparáid le Meastacháin 2008, creidimse nach gciallaíonn sé seo go mbeidh ciorrú substaintiúil á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Údaráis i dtaca le leas phobal na Gaeltachta.

Ar an chéad dul síos, tá suim bhreise de €2 milliún á chur ar fáil ag mo Roinn don Údarás i mbliana chun cabhrú leis an chlár caipitil atá idir lámha a chur chun cinn. Ar an dara dul síos, beidh sé de dhualgas ar an Údarás, mar aon le gach eagraíocht Stáit eile i gcomhthéacs na gcúinsí airgeadais atá tagtha chun cinn, grinnscrúdú a dhéanamh ar réimsí caiteachais uile na heagraíochta, an réimse riaracháin ach go háirithe, chun féachaint chuige go bhfuiltear ag feidhmiú ar bhealach atá lán-éifeachtach agus tairbheach. Sa chomhthéacs seo agus ag éirí as cruinnithe a bhí agam le gairid leis an gcathaoirleach, leis an bpríomhfheidhmeannach agus le toscaireacht ón mbord, tá mise dóchasach go mbeidh an tÚdarás in ann feidhmiú laistigh dá bhuiséad trí straitéisí nuálacha a chur i gcrích agus tríd úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní agus cláracha Stáit éagsúla atá ar fáil.

Ar ndóigh, ní mór féachaint ar chomhthéacs níos leithne ná an tÚdarás féin chomh fada agus a bhaineann sé le caiteachas an Stáit ar an nGaeltacht. Chomh maith leis an soláthair sa bhreis ar €37 milliún atá ar fáil don Údarás i 2009, tá €54 milliún eile beagnach le caitheamh trí Vóta mo Roinnse ar scéimeanna éagsúla sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin, a bhfuil formhór an daonra a chónaíonn orthu sa Ghaeltacht. Meabhraím don Teachta freisin go bhfuil €17.3 milliún agus €4.6 milliún ceadaithe faoin gclár nua forbartha tuaithe do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta agus do Chomhar na nOileán faoi seach don tréimhse cúig bliana amach romhainn. Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta, mar sin, nach bhfuil neamhaird á dhéanamh ag an Stát ar riachtanais fhorbartha na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.