Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

Priority Questions

Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 4: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó an míshásamh mór atá ar phobal Rann na Feirste go bhfuil siad curtha isteach i gcatagóir B sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht; an aontaíonn an tAire é féin gur i gcatagóir A ba chóir do Rann na Feirste a bheith, ceantar atá chomh saibhir ó thaobh Gaeilge, litríochta agus cultúir de; agus an gcuirfidh sé ina luí ar chathaoirleach an chomhchoiste aireachta agus orthu siúd uile gur i gcatagóir A ba cheart do Rann na Feirste a bheith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5099/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá a fhios ag an Teachta, cuimsíonn an tuarascáil chríochnaitheach seo torthaí taighde an Staidéir Theangeolaigh ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Cuirtear anailís agus faisnéis ar fáil sa tuarascáil a thugann léargas chomh cruinn agus is féidir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Moltar go dtabharfar aitheantas do phobail Ghaeltachta de réir catagóir A, B, nó C. Bhainfeadh catagóir A le pobail go bhfuil breis agus 67% d'imeachtaí an phobail i gcoitinne tré mheán na Gaeilge. Bhainfeadh catagóir B le pobail go bhfuil idir 44%-66% d'imeachtaí an phobail tré mheán na Gaeilge. Is pobail i gcoitinne comhdhéanta de ghréasáin éagsúla Gaeilge a bheadh i gceist le catagóir C.

Tá cinneadh glactha ag an Rialtas coiste ag leibhéal comh-aireachta a bhunú chun breathnú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa tuarascáil. Tuigim an díomá atá ar phobal Rann na Feirste faoin mholadh atá déanta maidir lena gceantar féin ach, mar a chuir mé in iúl le déanaí, is moltaí amháin atá déanta sa tuarascáil. Níl cinneadh déanta ag an Rialtas maidir le aon mholadh sa tuarascáil ag an bpointe seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mo bhuíochas don Aire as an freagra sin. Tá lúcháir orm go dtuigeann an tAire an míshasamh atá ar phobal Rann na Feirste — chuala mé é ar Raidió na Gaeltachta — go bhfuil siad curtha isteach i gcatagóir B. Ní shílim go bhfuil ceantar Gaeltachta eile sa tír a bhfuil an saibhreas cainte, Gaeilge agus cultúrtha acu agus atá ag ceantar Rann na Feirste.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá súil maith agam go bhfuil ceist ag teacht.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Nuair a cuimhním ar cheantar Rann na Feirste, cuimhním ar an Bhlascaod, scríbhneoirí, ceoltóirí, stiallaithe, seanchaithe, rinceoirí agus mar sin de. Cad is féidir a dhéanamh ag an bpointe seo le déanamh cinnte go mbeidh Rann na Feirste san áit is dual dó a bheith, is é sin i gcatagóir A, mar is áit é Rann na Feirste ina éiríonn le 97% de na daltaí scoile scéim labhartha na Gaeilge a bhaint amach? Ní shílim go bhfuil scoil eile sa tír a bhfuil céatadán níos mó ann. Cad is féidir a dhéanamh chun Rann na Feirste a chur isteach i gcatagóir A? Tá coláistí Gaeilge, turasóirí Gaeilge leis na cianta i Rann na Feirste agus dá bhrí sin, cén fáth nach féidir leis dul i gcatagóir A seachas catagóir B? An féidir é a bhunadh ar cheantar scoile in ionad teorann cheantair?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá nós agam nuair a bhfaighim tuarascáil gan cur isteach ar an tuarascáil sin. Tá nós agam freisin gan a rá riamh go nglacfaidh mé glan le moltaí na tuarascála. Sa chás seo, beidh siad á scrúdú ag coiste comh-aireachta. Tá go leor moltaí sa tuarascáil seo, cuid acu atá thar a bheith réasúnta, ciallmhar agus stuama agus cuid eile anonn is anall a bhféadfainn locht a fháil orthu.

Tá an coiste comh-aireachta le breathnú ar seo ar an gcéad dul síos. Más rud é go nglactar leis an gcur chuige seo maidir le catagóirí A, B agus C, caithfear dul ansin agus reachtaíocht a thabhairt isteach. Dá dtabharfainn reachtaíocht isteach, bheadh orainn é a phlé sa Dáil. Má tharlaíonn sin, beidh dóthain ama agus deise ag an Teachta a chás a dhéanamh. Is fada uaidh sin muid ag an bpointe seo. Ní féidir liomsa a rá an bhfuil nó nach bhfuil muid ag glacadh leis an moladh áirithe sin sa tuarascáil, fiú faoi catagóirí A, B agus C, mar bheadh sin ag dul roimh obair an choiste chomh-aireachta.

De réir mar a thuigim, séard a tharla anseo ná gur roghnaigh siad toghrann ceantair agus sin atá san áireamh. Chomh maith le sin, caithfear breathnú ar an tuarascáil. Don dream sin atá buartha faoi chatagóirí A, B agus C, caithfidh siad breathnú ar an tuarascáil agus a rá cén difear a dhéanann sé bheith i gcatagóir A, B nó C. De réir mar a thuigim a bheidh i gceist ná an cur chuige pleanála a bheidh i gceist. Ach, mar a dúirt mé, is fada uaidh sin atá muid.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Os rud é go bhfuil Rann na Feirste i gcatagóir B, téann sin ina luí ar an phobal taobh amuigh a thugann cuairt ar an Ghaeltacht. Freisin, an féidir leis an Aire réiteach a dhéanamh le údair na tuarascála castáil le coiste athshlánú Rann na Feirste agus iad a chur ar a suaimhneas agus míniú a thabhairt dóibh?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl aon fheidhm ag údair na tuarascála. Tá an tuarascáil curtha ar fáil. An t-aon rud a rinne na húdair ná cruinnuithe a eagrú le heolas a thabhairt do dhaoine céard atá sa tuarascáil. Ní fhéadfaidís é a athrú anois mar tá an tuarascáil críochnaithe agus faighte. Mar a deirim, níl ann ach tuarascáil. Caithfidh muid oibriú ar anois agus déanfaimid sin. Maidir le coláiste Gaeilge agus rudaí mar sin, tugaim faoi deara go bhfuil Corr na Móna i gcatagóir C, cé go bhfuil coláiste Gaeilge den scoth ann agus tarraingt na ngasúr air. Ní cheapaim go gcuirfidh an tuarascáil isteach ná amach ar choláistí Gaeilge.