Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

 

Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá nós agam nuair a bhfaighim tuarascáil gan cur isteach ar an tuarascáil sin. Tá nós agam freisin gan a rá riamh go nglacfaidh mé glan le moltaí na tuarascála. Sa chás seo, beidh siad á scrúdú ag coiste comh-aireachta. Tá go leor moltaí sa tuarascáil seo, cuid acu atá thar a bheith réasúnta, ciallmhar agus stuama agus cuid eile anonn is anall a bhféadfainn locht a fháil orthu.

Tá an coiste comh-aireachta le breathnú ar seo ar an gcéad dul síos. Más rud é go nglactar leis an gcur chuige seo maidir le catagóirí A, B agus C, caithfear dul ansin agus reachtaíocht a thabhairt isteach. Dá dtabharfainn reachtaíocht isteach, bheadh orainn é a phlé sa Dáil. Má tharlaíonn sin, beidh dóthain ama agus deise ag an Teachta a chás a dhéanamh. Is fada uaidh sin muid ag an bpointe seo. Ní féidir liomsa a rá an bhfuil nó nach bhfuil muid ag glacadh leis an moladh áirithe sin sa tuarascáil, fiú faoi catagóirí A, B agus C, mar bheadh sin ag dul roimh obair an choiste chomh-aireachta.

De réir mar a thuigim, séard a tharla anseo ná gur roghnaigh siad toghrann ceantair agus sin atá san áireamh. Chomh maith le sin, caithfear breathnú ar an tuarascáil. Don dream sin atá buartha faoi chatagóirí A, B agus C, caithfidh siad breathnú ar an tuarascáil agus a rá cén difear a dhéanann sé bheith i gcatagóir A, B nó C. De réir mar a thuigim a bheidh i gceist ná an cur chuige pleanála a bheidh i gceist. Ach, mar a dúirt mé, is fada uaidh sin atá muid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.