Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

 

Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar atá a fhios ag an Teachta, cuimsíonn an tuarascáil chríochnaitheach seo torthaí taighde an Staidéir Theangeolaigh ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Cuirtear anailís agus faisnéis ar fáil sa tuarascáil a thugann léargas chomh cruinn agus is féidir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Moltar go dtabharfar aitheantas do phobail Ghaeltachta de réir catagóir A, B, nó C. Bhainfeadh catagóir A le pobail go bhfuil breis agus 67% d'imeachtaí an phobail i gcoitinne tré mheán na Gaeilge. Bhainfeadh catagóir B le pobail go bhfuil idir 44%-66% d'imeachtaí an phobail tré mheán na Gaeilge. Is pobail i gcoitinne comhdhéanta de ghréasáin éagsúla Gaeilge a bheadh i gceist le catagóir C.

Tá cinneadh glactha ag an Rialtas coiste ag leibhéal comh-aireachta a bhunú chun breathnú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa tuarascáil. Tuigim an díomá atá ar phobal Rann na Feirste faoin mholadh atá déanta maidir lena gceantar féin ach, mar a chuir mé in iúl le déanaí, is moltaí amháin atá déanta sa tuarascáil. Níl cinneadh déanta ag an Rialtas maidir le aon mholadh sa tuarascáil ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.