Dáil debates

Thursday, 1 November 2007

Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 4: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta le bliain anuas maidir le cur i bhfeidhm an dréacht-rialacháin faoi mhír (1) d'alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, cén uair a bheidh na buan-rialacháin á meas, cén fáth go bhfuil moill lena bhfoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26322/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, ar 28 Meán Fómhair 2006 leag mé os comhair an Oireachtais dréacht-rialacháin a bhain le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ag comhlachtaí poiblí i bhfógairt béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht. Bhí deis agam na dréacht-rialacháin sin a phlé le baill an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíona, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar 29 Samhain 2006 agus arís ar 13 Nollaig 2006. Ghlac an Dáil agus an Seanad araon leis na dréacht-rialacháin seo ar 14 Nollaig 2006.

In a dhiaidh sin, scríobh mo Roinn chuig gach comhlacht poiblí atá clúdaithe faoin Acht chun deis eile a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a nochtadh faoi na dréacht-Rialacháin sula shíneoinn iad. Tá an próiseas comhairliúcháin sin críochnaithe anois agus táim ag súil go mbeidh mé in ann na rialacháin a dhéanamh go han-luath tar éis tuilleadh plé leis an gcomhchoiste.

Is fiú dom a rá go bhfuil i gceist go scríobhfaidh mo Roinn chuig gach comhlacht poiblí atá clúdaithe faoin Acht chun iad a chur ar an eolas maidir le forálacha na rialachán sula dtagann siad i bhfeidhm.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím go bhfuil an ábhar seo pléite agus ath-phléite leis an comhchoiste Oireachtais. Bhí mé i láthair ansin agus an Bille ag dul tríd an Dáil agus an Seanad. Tá na cúrsaí seo ag dul ar aghaidh le cúpla blian anuas, ó chuireadh an tAcht teanga tríd an Teach, thart ar ceithre bliana ó shin. Beidh daoine ag éirí mífhoighneach, go speisialta tar éis an méid a bhí le rá ag an Aire ag an oireachtas aréir i gCathair na Mart. Is cosúil go raibh oíche thar dóigh ag an Aire, nó b'fhéidir go bhfuil an fliú air. Cibé rud atá air, tá súil agam go dtiocfaidh sé slán gan mhoill.

An bhfuil aon athrú i dtaobh comharthaíocht bóthar? Is é sin an rud atá ag déanamh imní do dhaoine. An bhfuil aon athraithe fógraithe? An féidir leis an Aire a rá cén tuairisc a fuair sé ar ais ó na húdaráis áitiúla maidir le comharthaíocht bóthar? Is beag atá le feiceáil in aon pháirt den tír go fóill go bhfuil na rialacháin seo á chur i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní bhaineann na rialacháin seo le comharthaí bóthar agus, ar ndóigh, níl siad deimhnithe fós. Más buan cuimhne an Teachta, nuair a bhí an comhchoiste Dála ar bun, mhol an Seanadóir Ó Tuathail dul i gcomhairle leis na comhaltaí poiblí agus d'iarr sé orm scríobh chucu. De bharr an rud a tharla nuair a chreid mise nach raibh mórán bunús le dul i gcomhairle, cuirim i gcás, maidir leis na logainmneacha, nuair nach raibh dóthain dul i gcomhairle, shíl mé sa gcás seo go ndéanfainn cinnte go raibh an oiread dul i gcomhairle le nach mbeadh éinne in ann a rá go brách nach raibh dóthain dul i gcomhairle ann.

Scríobh mé chuig 600 comhlacht, ach ní bhfuair mé freagra ar ais ach ó bheagán acu, ach tá an toradh sin againn. Teastaíonn uaim deis amháin eile a thabhairt do bhaill an Tí seo na freagraí a scrúdú, agus an bealach a bhfuil mé ag déileáil leo a scrúdu, agus a dtuairimí a nochtadh. Ansin, déanfaidh mé na rialacháin. Chuir mé tuairisc inniu maidir le bunú an chomhchoiste, agus de réir mar a thuigim, beidh an céad cruinniú eile den comhchoiste ar bun an tseachtain seo chugainn. Iarrfaidh mé ar an rúnaí cur in iúl don chathaoirleach ainmnithe go bhfuil mé ag iarraidh fáil isteach chomh luath agus is féidir le seo a phlé agus leis na rialacháin a dheimhniú. Níl mé ag iarraidh aon mhoill, tá mé réidh le n-imeacht.

Mar is eol don Teachta, bhí moill ar ceapadh na gcoiste nach raibh súil agam leis. Ag deireadh an lae, nach fearr an rud é go ndeimhneoidh muid na rialacháin tar éis an phróiseas seo? Ar a laghad ansin, ní bheidh sé le rá ag éinne, ó thaobh comhlachtaí Stáit, nach ndeachaigh mé i gcomhairle leo, ná ní bheidh sé le rá ag éinne san Oireachtas nár tugadh seans dóibh a dtuairimí a nochtadh. Is fearr go mór go nglacfaí leo tar éis sin ná iad a dhéanamh faoi dheifir agus go mbeadh míshásamh ann faoi na rialacháin agus easpa dul i gcomhairle. Sin í an fhadhb.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Más buan mo chuimhne, bhí sé i gceist go dtiocfadh an tAire Iompair isteach ag an comhchoiste — sílim go raibh an Aire, an Teachta Ó Cuív, i láthair nuair a socraíodh é sin — le cúrsaí síneacha agus comharthaí bóthar a phlé. B'fhéidir gur phioc an Aire suas contráilte mé, ach is í an cheist atá ag cur as domsa ná na logainmneacha ar na comharthaí bóthar. Sílim go bhfuil fadhbh ansin agus ba mhaith liom go ndéanfar cinnte go mbeidh na logainmneacha cearta ar na comharthaí bóthar, de réir mar atá leagtha amach sna dréacht rialacháin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl na hainmneacha sin ná comharthí bóthar clúdaithe sna dréacht rialacháin. An feidhm atá ag mo Roinn maidir le comharthaí bóthar ná an méad atá san Acht teanga maidir le comharthaí bóthar d'áiteanna sa Ghaeltacht agus gur muid a leagann síos an leagan údarásach Gaeilge. Tagaim go mór leis an Teachta, is mór an náire chomh leisciúil, mí-chúramach agus atá comhairlí áitiúla maidir le comharthaí bóthar. Tá comhartha fé leith i mo chontae fhéin, Baile Cháir na Gaillimhe atá air, tá "h" in ionad "l", agus is é an dearcadh atá ann ná, is cuma faoi. Bhí mé ag caint le fear as Contae Mhuigheo aréir, Seán Ó hÉallaithe, agus dúirt sé liom go bhfuil samplaí dochreidte feicthe aige, agus leaganacha difriúla feicthe ar trí nó ceithre comharthaí i bhfoisceacht cúpla míle. Cuirtear rud ar bith ar na comharthaí, ach tagann na cúrsaí sin faoin Roinn Iompair. Ní féidir liomsa ach na leaganacha oifigiúla a chur ar fáil agus súil a bheith agam gur sin a chuirfear ar na comharthaí bóthar.