Dáil debates

Thursday, 1 November 2007

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ní bhaineann na rialacháin seo le comharthaí bóthar agus, ar ndóigh, níl siad deimhnithe fós. Más buan cuimhne an Teachta, nuair a bhí an comhchoiste Dála ar bun, mhol an Seanadóir Ó Tuathail dul i gcomhairle leis na comhaltaí poiblí agus d'iarr sé orm scríobh chucu. De bharr an rud a tharla nuair a chreid mise nach raibh mórán bunús le dul i gcomhairle, cuirim i gcás, maidir leis na logainmneacha, nuair nach raibh dóthain dul i gcomhairle, shíl mé sa gcás seo go ndéanfainn cinnte go raibh an oiread dul i gcomhairle le nach mbeadh éinne in ann a rá go brách nach raibh dóthain dul i gcomhairle ann.

Scríobh mé chuig 600 comhlacht, ach ní bhfuair mé freagra ar ais ach ó bheagán acu, ach tá an toradh sin againn. Teastaíonn uaim deis amháin eile a thabhairt do bhaill an Tí seo na freagraí a scrúdú, agus an bealach a bhfuil mé ag déileáil leo a scrúdu, agus a dtuairimí a nochtadh. Ansin, déanfaidh mé na rialacháin. Chuir mé tuairisc inniu maidir le bunú an chomhchoiste, agus de réir mar a thuigim, beidh an céad cruinniú eile den comhchoiste ar bun an tseachtain seo chugainn. Iarrfaidh mé ar an rúnaí cur in iúl don chathaoirleach ainmnithe go bhfuil mé ag iarraidh fáil isteach chomh luath agus is féidir le seo a phlé agus leis na rialacháin a dheimhniú. Níl mé ag iarraidh aon mhoill, tá mé réidh le n-imeacht.

Mar is eol don Teachta, bhí moill ar ceapadh na gcoiste nach raibh súil agam leis. Ag deireadh an lae, nach fearr an rud é go ndeimhneoidh muid na rialacháin tar éis an phróiseas seo? Ar a laghad ansin, ní bheidh sé le rá ag éinne, ó thaobh comhlachtaí Stáit, nach ndeachaigh mé i gcomhairle leo, ná ní bheidh sé le rá ag éinne san Oireachtas nár tugadh seans dóibh a dtuairimí a nochtadh. Is fearr go mór go nglacfaí leo tar éis sin ná iad a dhéanamh faoi dheifir agus go mbeadh míshásamh ann faoi na rialacháin agus easpa dul i gcomhairle. Sin í an fhadhb.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.