Dáil debates

Thursday, 27 September 2007

Priority Questions

Clár Díláraithe.

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 4: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le baill d'Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair agus cén uair a shíleann sé go mbeidh an polasaí curtha i gcrích. [21168/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a thug mé le fios mar fhreagra ar cheisteanna sa Teach seo cheana, d'iarr mé ar bhord Fhoras na Gaeilge moltaí sonracha a dhéanamh maidir leis na céimeanna a bheadh i gceist chun poist a lonnú i nGaoth Dobhair, chomh maith leis na rannóga agus na feidhmeanna a bheadh lonnaithe ann. Ina dhiaidh sin, tíolacadh aighneacht do mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart maidir le postanna a líonadh i réimsí éagsúla san eagraíocht. Leasaíodh an aighneacht mar thoradh ar chomhráití idir an foras agus an dá Roinn agus tá an aighneacht leasaithe sin, ina bhfuil poist ar leith luaite le Gaoth Dobhair, á bhreithniú faoi láthair. Tá súil agam go bpléifear an cheist seo, agus go n-aontófar cur chuige chun an breithniú a thabhairt chun críche taobh istigh d'amscála aontaithe, ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas atá le bheith ann go luath. Ní miste a lua freisin go bhfuil comhráití ar bun ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta maidir le cóiríocht chuí a aimsiú i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair a d'fhéadfadh a bheith fóirsteanach do riachtanais an fhorais chomh maith. Mar fhocal scoir, ní miste dom a shoiléiriú gur dílárú postanna foirne de chuid Fhoras na Gaeilge atá i gceist agus ní dílárú baill an fhorais.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim an pointe a rinne an Aire maidir le baill an fhorais, in ionad an foras fhéin — phléamar an cheist sin cheana sa Teach seo. Ní aontaím go hiomlán go bhfuil an dearcadh sin i gcomhréir leis an ráiteas a rinneadh sa Dáil beagnach ceithre bliana ó shin. I mí na Nollag, sílim go mbeidh ceithre bliana imithe ón lá nuair a dearbhaigh an iar-Aire go mbeadh Foras na Gaeilge — nó baill d'Fhoras na Gaeilge — ag dul go Gaoth Dobhair. Dúirt an Aire go bhfuil comhráite i ndiadh comhráite ag dul ar aghaidh idir é féin agus Foras na Gaeilge, an Aire sa Tuaisceart agus go leor daoine eile. Tá an Teach seo tar éis déileáil le ráitis i ndiadh ráitis agus ceisteanna i ndiadh ceisteanna. Is é bun an scéal, agus muid ag caint anseo, ná nach bhfuil oiread agus duine amháin díláraithe go dtí nGaoth Dobhair, cé go raibh siad le bheith ann bliain ó shin — dúradh linn go ndéanfar an dílárnú lastigh de trí bliana.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá súil agam go bhfuil ceist ag teacht.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cén dul chun cinn atá déanta chun cóiríocht a chuir ar fáil? Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach mbeidh aon deacracht le sin. An raibh aon comhráite go fóill idir an t-Aire agus an t-Aire Airgeadais maidir le daoine breise a earcú sa dóigh go mbeidh toradh éigin le feiceáil i nGaoth Dobhair taobh istigh de achar gairid?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is í sin an rud deiridh a chuirfidh moill ar seo. Tá 44 duine fostaithe i bhForas na Gaeilge faoi láthair, ach tá 65 post ceadaithe i bprionsabal, cuid acu sa Tuaisceart. Mar sin, tá spás ann le daoine eile a earcú. Fuaireamar plean le breis earcaíochta a dhéanamh, ach bhí fadbhanna leis an bplean agus bhí sé ag dul anonn is anall. Tá plean leasaithe faighte againn anois. Táimid chun meastóireacht a dhéanamh ar sin agus, le cúnamh Dé, déanfar é a socrú ag an gcéad cruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus beimid in ann bogadh ar aghaidh ina dhiadh sin. Glacaim go hiomlán leis an méid a dúirt an Teachta, idir rud amháin agus rud eile. Tá a fhios againn mar gheall ar na rudaí éagsúla a tharla, ar nós na fadhbanna a bhain leis an struchtúr Thuaidh-Theas. Ní raibh aon Fheidhmeanas ó Thuaidh, mar shampla. Bhí Airí difriúla ag teacht anonn ó Sasana chun plé leis an gceist — b'shin cuid den fhadhb. Bhí drogall áirithe ar an bhforas agus níl aon mhaith a rá nach raibh. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de rud amháin — is cuma liom cén fhad a thógfaidh sé seo, tarlóidh sé. Caithfidh sé tarlú mar go bhfuil an cinneadh déanta. Níl sé i gceist an ceannáras a athrú. Ní raibh sé sin sa gcéad cinneadh, ach bhí sé luaite ina dhiadh sin. Ba bhreá liom an ceannáras a athlonnú, ach tá sé aontaithe anois nach dtarlódh sé sin sa ghearr-téarma. Níl sé i gceist i láthair na huaire. Tá sé i gceist leanúint leis an dílárnú seo agus creidim gur rud fíor-tábhachtach é sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Má théann na postanna seo go dtí an Ghaeltacht, an aontaíonn an t-Aire liom go mbeidh siad an-tábhachtach don cheantar, mar gur postanna teanga-bhunaithe iad a chuirfidh go mór le labhairt na Gaeilge ann? Déanfaidh sé maitheas don Ghaeltacht, chómh maith le fostaíocht a chuir ar fáil, má tá daoine údarásach sa cheantar ag labhairt an teanga.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Déarfaidh mé an fhírinne leis an Teachta — tá súil agam go mbeifear a rá faoi cheann cúig bliana go ndearna dhá cinneadh an-difríocht do Ghaoth Dobhair agus Gaeltacht Tír Chonaill go hiomlán. Tá mé ag caint ar an gcéad dul síos mar gheall ar lonnú NUIG ann agus an comhréiteach a rinneadh le Údarás na Gaeltachta maidir leis an gcóiríocht. Rinneadar an-jab ansin. Tá mé ag caint freisin mar gheall ar dílárnú Fhoras na Gaeilge. Mar a deirim, níl aon cheist ann ach gur bóthar uafásach casta a bhí i gceist teacht chomh fada le seo. Níl sé i gceist tarraingt siar as an gcinneadh seo. Tá sé i gceist agam é seo a fheiceáil tríd. Tá mé cinnte go gheobhaidh mé lán-comhoibriú ó Fhoras na Gaeilge anois chun é seo a chuir i gcrích. Tá a fhios agam go bhfuil comhoibriú an Teachta McGinley agam, mar gur thug sé tacaíocht don phlean seo ó thús. Ba mhaith liom buiochas a glacadh leis as sin.