Dáil debates
Thursday, 27 September 2007
Clár Díláraithe.
4:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Mar a thug mé le fios mar fhreagra ar cheisteanna sa Teach seo cheana, d'iarr mé ar bhord Fhoras na Gaeilge moltaí sonracha a dhéanamh maidir leis na céimeanna a bheadh i gceist chun poist a lonnú i nGaoth Dobhair, chomh maith leis na rannóga agus na feidhmeanna a bheadh lonnaithe ann. Ina dhiaidh sin, tíolacadh aighneacht do mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart maidir le postanna a líonadh i réimsí éagsúla san eagraíocht. Leasaíodh an aighneacht mar thoradh ar chomhráití idir an foras agus an dá Roinn agus tá an aighneacht leasaithe sin, ina bhfuil poist ar leith luaite le Gaoth Dobhair, á bhreithniú faoi láthair. Tá súil agam go bpléifear an cheist seo, agus go n-aontófar cur chuige chun an breithniú a thabhairt chun críche taobh istigh d'amscála aontaithe, ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas atá le bheith ann go luath. Ní miste a lua freisin go bhfuil comhráití ar bun ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta maidir le cóiríocht chuí a aimsiú i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair a d'fhéadfadh a bheith fóirsteanach do riachtanais an fhorais chomh maith. Mar fhocal scoir, ní miste dom a shoiléiriú gur dílárú postanna foirne de chuid Fhoras na Gaeilge atá i gceist agus ní dílárú baill an fhorais.
No comments