Dáil debates

Tuesday, 16 May 2006

3:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 69: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar léigh sé alt le duine (sonraí tugtha) agus cad é an plean atá aige chun freastal ar na cuspóirí a bhí ag Institiúid Teangeolaíochta Éireann agus an mbunóidh sé institiúid taighde don Ghaeilge chun téarmaíocht agus straitéis don teanga a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt do na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta a bhíonn ar siúl ar fud na tíre. [18163/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Baineann an t-alt a luann an Teachta go príomha le hobair Fhóram na Gaeilge agus leis an gceist maidir le ráiteas polasaí ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Mar atá mínithe agam i bhfreagra eile ar Cheist Uimh. 103 inniu, iarradh tuairimí ó chomhaltaí Fhóram na Gaeilge sa bhliain 2005, i gcomhthéacs an róil chomhairleoireachta a tugadh don ghrúpa, maidir le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge mar aon le tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha, agus tá obair ar na ceisteanna sin idir lámha.

Tá an cheist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tagtha chun cinn mar ábhar tosaíochta sa chomhthéacs sin. Tá dul chun cinn suntasach bainte amach faoin ábhar seo agus tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi seo go luath.

Níl aon fhreagracht orm mar Aire maidir le hiar-Institiúid Teangeolaíochta Éireann, cé nach miste dom a lua go dtuigtear dom go raibh dualgais ar an eagraíocht sin a bhí níos leithne ná ceist na Gaeilge amháin. Mar is eol don Teachta, tá eagraíocht ann — Foras na Gaeilge — a bhfuil freagracht uirthi an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo labhartha ar bhonn uile-oileánda agus a dhéanann freastal ar shaincheisteanna den chineál atá luaite sa cheist Dála, cosúil le téarmaíocht. Maidir le ranganna do dhaoine fásta, mar shampla, maoiníonn Foras na Gaeilge eagraíochtaí a chuireann a leithéid ar fáil, ina measc Conradh na Gaeilge, agus tá sonraí faoi na ranganna ar fáil ar láithreán gréasáin Fhoras na Gaeilge www.gaeilge.ie, áit a bhfuil neart eolais faoi na tionscadail eile sa réimse seo.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

An aontaíonn an tAire go bhfuil gá le cur chuige agus straitéis chuimsitheach le freastal ar na daoine atá ag obair go tréan agus go deonach ag cur ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta? Níl aon chúrsa traenála oiliúna ann do dhaoine i mbun na ranganna sin. An nglacfaidh an tAire nach leor suíomh Idirlín, is cuma cé chomh snasta agus atá, chun an jab sin a dhéanamh agus nach leor maoiniú, cé go bhfuil sé deas airgead a fháil? Ní hionann sin agus stráitéis le ranganna do dhaoine fásta a chur ar fáil. Tá na fadhbanna agus an dúshlán céanna os comhair daoine ar fud na tíre atá ag obair go deonach ina leithéid de ranganna. Níl aon chabhair ann dóibh ach amháin suíomh Idirlín agus maoiniú anois is arís ó Fhoras na Gaeilge más féidir leis na postanna go léir a líonadh.

Tá gá le dul chun cinn san obair seo. San alt a luaigh mé, tá ceist ar stádas na teanga sa saol mór. Ar chomharthaí bóithre ar fud na tíre, tá an Ghaeilge mar theanga shóisearach ar chomharthaí atá in ainm is a bheith dátheangach. Tá na litreacha chomh beag agus is féidir go minic agus na litreacha Béarla i bhfad níos mó go bhfeicfear iad. Sa Bhreatain Bhig tá cothrom na Féinne ann. Le comhlacht Sualannach, tá an tSualainnis, an Bhreatnais agus an Béarla ar chomh-chaighdeán, mar is ceart. An aontaíonn an tAire nach bhfuil stádas na Gaeilge sa saol chomh soiléir agus ba cheart má tá muid i ndáiríre faoin dátheangachas agus go bhfuil ról aige féin agus ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil san obair seo?

Tá mise mar mhúinteoir do ranganna do dhaoine fásta ag lorg cabhrach agus tá neart eile cosúil liom. Níl an chabhair sin ann ach amháin i suíomh Idirlín atá go deas. Ní hionann sin agus cúrsa traenála agus acmhainní leis an dúshlán seo a chur chun cinn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí trí cheist shoiléir ag an Teachta. Tagann ceist na ranganna Gaeilge ar ais chuig ceist acmhainní d'Fhoras na Gaeilge agus tagann sin ar ais do cheist an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Tá súil agam go dtiocfaidh sé ar ais agus ansin, féachfaimid ar na cúraimí atá ann i láthair na huaire. Beimid in ann forbairt cheart a dhéanamh ar na forais tras-Teorann. Tá mise agus an Rialtas dírithe air sin agus tá súil agam go mbeidh na páirtnéirí eile sa bpróiseas dírithe air sin fosta. Cloisim an méid faoi chaighdeán agus oiliúint. Caithfear tabhairt faoi na rudaí seo agus maoiniú agus traenáil a chur ar fáil. Ó lá go lá titeann freagracht ar na rudaí seo ar Fhoras na Gaeilge.

Tá sé in am anois ráiteas soiléir a dhéanamh faoi cén ról atá ann don Ghaeilge sa saol 2006. Tá an Rialtas i mbun na hoibre sin agus tá sé pléite le Fóram na Gaeilge. Tá súil agam go mbeimid in ann brú ar aghaidh leis sin go gairid. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí sin. Ar a laghad beidh bunlíne leagtha síos i 2006 i gcomhthéacs nua-aimseartha ag baint leis sin.

D'achtaigh muid an tAcht teanga sa Teach seo agus as sin, tá rialacha faoi chomharthaíocht. Beimid á rá go gcaithfear tús áite a thabhairt don Ghaeilge ar pháipéarachas agus comharthaí. Ní bhaineann sé le comharthaí bóithre ach chuile chineál comharthaíochta eile. Tá cúiseanna teicniúla ag baint leis sin. Aontaím i bprionsabal go hiomlán. Bhí an t-am ann nuair a gheofá pháipéarachas i Ranna Stáit agus an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim. Go minic anseo chaithfí microscope a fháil leis an Ghaeilge a léamh. Ba cheart go mbeadh siad ar a laghad ar chomhchéim agus tá mé ag díriú air sin. Tá mé ag tabhairt na rialacha ansin isteach go gairid. Nuair a thug muid eilimintí eile den Acht ar aghaidh, thosaigh an plé i ndiaidh an ruda seachas roimhe agus bíonn gá le ham a thabhairt do dhaoine dul i dtaithí le rudaí. Tá sé in am anois brú ar aghaidh.

Ní bhaineann sé le rialacha. Is féidir rialacha a thabhairt isteach ag am ar bith. I mí Iúil, beidh an tAcht teangacha achtaithe trí bliana agus tiocfaidh chuile fhoráil de i bhfeidhm i mí Iúil.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Chuir mé ceist faoin traenáil atá de dhíth le ranganna do dhaoine fásta a chur ar fáil. Luaigh an tAire maoiniú agus tá an cheist sin ann. An iarrfaidh sé ar Fhoras na Gaeilge plean a chur ar fáil leis an traenáil sin a chur ar bun? Tá muid ag caint faoi rud éigin níos fearr na suíomh Idirlín. Tá sé seo ag titim amach i dtíortha eile ach níl a leithéid ag tarlú anseo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Feidhmíonn an foras ó lá go lá neamhspleách ón Aire. Tógfaidh mé an cheist leis cinnte agus cuirfidh mé an freagra in iúl don Teachta.