Dáil debates

Tuesday, 16 May 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Bhí trí cheist shoiléir ag an Teachta. Tagann ceist na ranganna Gaeilge ar ais chuig ceist acmhainní d'Fhoras na Gaeilge agus tagann sin ar ais do cheist an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Tá súil agam go dtiocfaidh sé ar ais agus ansin, féachfaimid ar na cúraimí atá ann i láthair na huaire. Beimid in ann forbairt cheart a dhéanamh ar na forais tras-Teorann. Tá mise agus an Rialtas dírithe air sin agus tá súil agam go mbeidh na páirtnéirí eile sa bpróiseas dírithe air sin fosta. Cloisim an méid faoi chaighdeán agus oiliúint. Caithfear tabhairt faoi na rudaí seo agus maoiniú agus traenáil a chur ar fáil. Ó lá go lá titeann freagracht ar na rudaí seo ar Fhoras na Gaeilge.

Tá sé in am anois ráiteas soiléir a dhéanamh faoi cén ról atá ann don Ghaeilge sa saol 2006. Tá an Rialtas i mbun na hoibre sin agus tá sé pléite le Fóram na Gaeilge. Tá súil agam go mbeimid in ann brú ar aghaidh leis sin go gairid. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí sin. Ar a laghad beidh bunlíne leagtha síos i 2006 i gcomhthéacs nua-aimseartha ag baint leis sin.

D'achtaigh muid an tAcht teanga sa Teach seo agus as sin, tá rialacha faoi chomharthaíocht. Beimid á rá go gcaithfear tús áite a thabhairt don Ghaeilge ar pháipéarachas agus comharthaí. Ní bhaineann sé le comharthaí bóithre ach chuile chineál comharthaíochta eile. Tá cúiseanna teicniúla ag baint leis sin. Aontaím i bprionsabal go hiomlán. Bhí an t-am ann nuair a gheofá pháipéarachas i Ranna Stáit agus an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim. Go minic anseo chaithfí microscope a fháil leis an Ghaeilge a léamh. Ba cheart go mbeadh siad ar a laghad ar chomhchéim agus tá mé ag díriú air sin. Tá mé ag tabhairt na rialacha ansin isteach go gairid. Nuair a thug muid eilimintí eile den Acht ar aghaidh, thosaigh an plé i ndiaidh an ruda seachas roimhe agus bíonn gá le ham a thabhairt do dhaoine dul i dtaithí le rudaí. Tá sé in am anois brú ar aghaidh.

Ní bhaineann sé le rialacha. Is féidir rialacha a thabhairt isteach ag am ar bith. I mí Iúil, beidh an tAcht teangacha achtaithe trí bliana agus tiocfaidh chuile fhoráil de i bhfeidhm i mí Iúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.