Dáil debates

Tuesday, 16 May 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Baineann an t-alt a luann an Teachta go príomha le hobair Fhóram na Gaeilge agus leis an gceist maidir le ráiteas polasaí ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Mar atá mínithe agam i bhfreagra eile ar Cheist Uimh. 103 inniu, iarradh tuairimí ó chomhaltaí Fhóram na Gaeilge sa bhliain 2005, i gcomhthéacs an róil chomhairleoireachta a tugadh don ghrúpa, maidir le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge mar aon le tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha, agus tá obair ar na ceisteanna sin idir lámha.

Tá an cheist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tagtha chun cinn mar ábhar tosaíochta sa chomhthéacs sin. Tá dul chun cinn suntasach bainte amach faoin ábhar seo agus tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi seo go luath.

Níl aon fhreagracht orm mar Aire maidir le hiar-Institiúid Teangeolaíochta Éireann, cé nach miste dom a lua go dtuigtear dom go raibh dualgais ar an eagraíocht sin a bhí níos leithne ná ceist na Gaeilge amháin. Mar is eol don Teachta, tá eagraíocht ann — Foras na Gaeilge — a bhfuil freagracht uirthi an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo labhartha ar bhonn uile-oileánda agus a dhéanann freastal ar shaincheisteanna den chineál atá luaite sa cheist Dála, cosúil le téarmaíocht. Maidir le ranganna do dhaoine fásta, mar shampla, maoiníonn Foras na Gaeilge eagraíochtaí a chuireann a leithéid ar fáil, ina measc Conradh na Gaeilge, agus tá sonraí faoi na ranganna ar fáil ar láithreán gréasáin Fhoras na Gaeilge www.gaeilge.ie, áit a bhfuil neart eolais faoi na tionscadail eile sa réimse seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.