Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

1:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 53: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag Fóram na Gaeilge ó thús na bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36949/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, bunaíodh Fóram na Gaeilge le comhairle a chur ar fáil maidir le inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain a réiteach don Ghaeilge sa Stát le spriocanna réalaíocha; na tosaíochta straitéise gearrthéarmacha do chaomhnú agus do chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Stát; na tosaíochta maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na hoibre sin.

Ag eascairt as an bplé a bhí ag an bhfóram i gcomhthéacs a inmholtaí is a bheadh plean straitéiseach don Ghaeilge agus na tosaíochta straitéise gearrthéarmacha do chaomhnú agus do chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Stát, tá an cheist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tar éis teacht chun cinn mar ábhar tosaíochta. Tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoin saincheist seo go luath.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhí ceist thíos ar 26 Deireadh Fómhair agus labhair an tAire ansin faoi ráiteas soiléir i leith na Gaeilge a fhoilsiú go luath. Níor tharla sin go fóill. An mbeidh an ráiteas seo againn roimh an Nollaig, roimh deireadh na bliana, roimh an Cháisc nó roimh deireadh an Rialtais? Céard tá i gceist aige? Bhí muid ag súil an lá deireanach go gcloisfimis rud éigin idir an lá sin agus an lá inniu. Cathain is féidir linn bheith ag súil leis an ráiteas cuimsitheach atá i gceist ag breathnú ar an nGaeilge ina hiomlán? An mbainfidh sé le Roinn an Aire agus le Ranna eile?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ráiteas ón Rialtas a bheidh i gceist. Clúdóidh sé áit na Gaeilge sa saol, sa bpobal agus sa Stát. Tá fíor-ghá leis seo.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Cé atá ag ullmhú an ráitis seo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Iarradh ar oifigeach de chuid na Roinne tosú ag réiteach dréachta tar éis cruinniú d'Fhóram na Gaeilge. Tugadh dréacht ar ais ag Fóram na Gaeilge, pléadh é agus rinneadh moltaí áirithe ina leith. Rinneadh tuilleadh oibre air agus ansin iarradh ar shaineolaí breathnú air agus moltaí a dhéanamh. Tá mé féin anois ag breathnú air. Ráiteas Rialtais a bheidh ann agus foilseoidh séé, is cuma cé eile a bheidh páirteach sa bpróiséas. Tá an focal deireanach ag an Rialtas faoina mbeidh istigh ann.

Chuir an Teachta ceist cathain a bheidh an ráiteas ann. Bhí súil agam go mbeadh sé ann roimh deireadh na bliana ach de bharr gnó oibre, ní bheidh sé ann roimh deireadh na bliana. Bheadh súil agam go mbeadh sé ann roimh deireadh mí Márta mar go minic nuair a bhíonn rud mar seo á phlé, bíonn anonn agus anall maidir le leaganacha agus dréachtaí agus tugann sé go minic níos mó ama ná a bheadh duine ag súil leis. B'fhearr liom é a dhéanamh go ceart ach bheadh súil agam go mbeadh sé ann roimh deireadh mí na Márta.

Níl ráiteas an-fhada i gceist. Beidh gá ina dhiaidh sin breathnú ar cheisteanna polasaí straitéiseach agus tá sé in am againn a shocrú cén suíomh atá ag an nGaeilge in Éirinn anois. Tá tuairimí éagsúla ag daoine ach tá sé tábhachtach go smaoineoidh an Rialtas cén áit a cheapann sé atá ann don Ghaeilge sa saol. An mbaineann sé le chuile duine nó an ceart é a choinneáil do elite a mbeadh sé aige? An bhfuil sé fós mar aidhm againn go mbeidh sí mar theanga náisiúnta agus go mbeidh forlámhas agus úinéireacht ag pobal na hÉireann uilig uirthi? Sin iad ceisteanna go gcaithfimid greim a fháil orthu.

Is fada ó bhí ráiteas soiléir ó Rialtas ar bith, ainneoin na rudaí ar fad a rinneadh le TG4, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas na Gaeilge san AE. Tá sé fada ó dúirt aon Rialtas go soiléir ar bhealach intuigthe don phobal cén fís atá aige don Ghaeilge.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níor shamhlaigh mé riamh go raibh míthuiscint fá sheasamh na Gaeilge chomh fada agus a bhaineann sé leis an Aire agus a pháirtí mar tá athbheochan na Gaeilge mar chéad chloch ar a pháirtí i ndiaidh aontú na tíre.

An mbeidh aon tuairisc nó moltaí curtha ar fáil don Rialtas nó go poiblí? An n-aontódh an tAire go bhfuil an-chuid tuairisciú le blianta anuas maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag coimisiúin agus a leithéid eile? Cén fiúntas a bheidh ann le tuairisc eile? Dá bhféadfadh tuairiscí an Ghaeilge a shábháil, bheadh sí sábháilte fada ó shin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bíonn tuairiscí faoi gach rud na laethanta seo. Níl seachtain a théann thart nach mbíonn tuairisc éigin ar chúrsaí talmhaíochta agus ar bhochtanas agus mar sin. Ní féidir a rá gur faoin nGaeilge is mó a scríobhtar tuairiscí.

Ó tháinig mé isteach, bhí tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Bhí 19 moladh aige. Má scrúdaítear na moltaí, tá bunáite acu curtha i bhfeidhm nó á gcur i bhfeidhm, ar nós stádas oifigiúil don Ghaeilge. Aontaím, áfach, nach bhfuil mórán fiúntas tuarascáil a bheith ann muna ndéantar tada faoi.

Tá seo faoi rud níos bunúsaí. Tá daoine sna meáin i gcónaí ag cur na ceiste an bhfuil muid i ndáiríre faoin rud a thugann daoine áirithe air, the sacred cow of the Irish language, nuair nach bhfeidhmítear aon pholasaí ina leith. An iarsma de pholasaí atá ann go ndéanann daoine beannú de Lá'le Pádraig agus nach mbacann siad leis an chuid eile den bhliain? Le fáil réidh leis an míthuiscint sin, tá sé tábhachtach go mbeadh ráiteas soiléir ann atá fréamhaithe i saol 2006 a leagfadh amach go hinléite céard é polasaí an Rialtais, ráiteas a shoiléireoidh suíomh na Gaeilge agus go mbeidh sin ar fáil i gcomhthéacs 2006. Is dóigh liom, ainneoin aon rud a cheapann éinne sa Teach seo atá gafa le cúrsaí Gaeilge, go bhfuil míthuiscint ar an bpobal.