Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Iarradh ar oifigeach de chuid na Roinne tosú ag réiteach dréachta tar éis cruinniú d'Fhóram na Gaeilge. Tugadh dréacht ar ais ag Fóram na Gaeilge, pléadh é agus rinneadh moltaí áirithe ina leith. Rinneadh tuilleadh oibre air agus ansin iarradh ar shaineolaí breathnú air agus moltaí a dhéanamh. Tá mé féin anois ag breathnú air. Ráiteas Rialtais a bheidh ann agus foilseoidh séé, is cuma cé eile a bheidh páirteach sa bpróiséas. Tá an focal deireanach ag an Rialtas faoina mbeidh istigh ann.

Chuir an Teachta ceist cathain a bheidh an ráiteas ann. Bhí súil agam go mbeadh sé ann roimh deireadh na bliana ach de bharr gnó oibre, ní bheidh sé ann roimh deireadh na bliana. Bheadh súil agam go mbeadh sé ann roimh deireadh mí Márta mar go minic nuair a bhíonn rud mar seo á phlé, bíonn anonn agus anall maidir le leaganacha agus dréachtaí agus tugann sé go minic níos mó ama ná a bheadh duine ag súil leis. B'fhearr liom é a dhéanamh go ceart ach bheadh súil agam go mbeadh sé ann roimh deireadh mí na Márta.

Níl ráiteas an-fhada i gceist. Beidh gá ina dhiaidh sin breathnú ar cheisteanna polasaí straitéiseach agus tá sé in am againn a shocrú cén suíomh atá ag an nGaeilge in Éirinn anois. Tá tuairimí éagsúla ag daoine ach tá sé tábhachtach go smaoineoidh an Rialtas cén áit a cheapann sé atá ann don Ghaeilge sa saol. An mbaineann sé le chuile duine nó an ceart é a choinneáil do elite a mbeadh sé aige? An bhfuil sé fós mar aidhm againn go mbeidh sí mar theanga náisiúnta agus go mbeidh forlámhas agus úinéireacht ag pobal na hÉireann uilig uirthi? Sin iad ceisteanna go gcaithfimid greim a fháil orthu.

Is fada ó bhí ráiteas soiléir ó Rialtas ar bith, ainneoin na rudaí ar fad a rinneadh le TG4, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas na Gaeilge san AE. Tá sé fada ó dúirt aon Rialtas go soiléir ar bhealach intuigthe don phobal cén fís atá aige don Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.