Dáil debates

Tuesday, 11 October 2005

Other Questions.

Physical Education Facilities.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 13: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil aon airgead ina Roinn i mbliana le haghaidh hallaí spóirt agus an mbeidh deontas á cheadú do Halla Spóirt do an scoil (sonraí tugtha) agus an ndeanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27511/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil gealltanas tugtha ag an Roinn ciste a sholáthar do PE agus do limistéir shúgartha lasmuigh agus do limistéir ilghnó i scoileanna mar chuid den chlár um infheistíocht chaipitil do scoileanna. Tá an gealltanas seo dá thabhairt i gcomhthéacs acmhainní a bheith ar fáil chuige agus i gcomhthéacs na gcritéar a foilsíodh maidir leis na tionscadail tógála scoileanna a roghnú de réir tosaíochta.

Is cuid riachtanach í den chéim dheartha, maidir le mórchlár athchóirithe ar bith um fhoirgnimh scoile atá ann, halla PE a sholáthar ag an leibhéal iarbhunoideachais, ach an láthair i gcónaí a bheith fairsinge go leor, nóáit a mbeidh scoil nua á tógáil ar úrláthair.

An tionscadal um halla PE ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair, rinneadh é a mheas de réir na gcritéar tosaíochta a foilsíodh agus a rinneadh a athbhreithniú an bhliain seo caite tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe Oideachais.

Tá an tionscadal faoi chaibidil i comhthéacs an chláir 2005-2009 um thógáil agus athchóiriú scoileanna.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as freagra measartha cuimsitheach a thabhairt domh. Tuigim go dtuigeann sí féin faoi mar atá cúrsaí chomh fada agus a bhaineann siad le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, scoil lán-Ghaelach ina ndéantar gach ábhar trí Ghaeilge. Is dócha gur Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon cheann i dTír Chonaill i láthair na huaire nach bhfuil halla aclaíochta nó PE aici.

Tá an scoil ann le 25 bliain. Tá sí ag ceiliúradh na hócáide i láthair na huaire. Bheadh sé ina bhronntanas iontach dóibh dá mbeadh fógra le theacht ón Aire roimh dheireadh na bliana go mbeidh an cás á bhrú ar aghaidh ar an laghad. Chomh fada agus a thuigim, tá sí go fóill ag céim 4. Tá sí síos ar an liosta tosaíochta. An bhféadfadh an tAire treoir a thabhairt do mhuintir na Roinne í a chur chun tosaigh sa dóigh, nuair a bheas na hacmhainní ar fáil, go mbeidh tosaíocht níos mó ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair? Tá an scoil náisiúnta in aice léi, agus caithfimid buíochas a ghabháil leis an Aire as bualadh le toscaireacht ón scoil nuair a bhí sí ar a chéad turas go Dún na nGall. Tuigeann sí an cás. Tá sí ina haonar i dTír Chonaill anois, mar níl aon scoil eile den mhéid céanna ann nach bhfuil halla den chineál seo aici. An bhféadfadh an tAire comhartha dóchais de chineál éigin a thabhairt dóibh sa bhliain shuntasach seo nuair a bheas siad bunaithe 25 bliain?

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, bhuail mé le grúpa ón scoil, agus tá seanaithne agus ardmheas agam ar an bpríomhoide, ós rud é go rabhamar sa choláiste agus ag díospóireacht chraobh na hÉireann le chéile. Ba bhreá liom bronntanas breá a thabhairt do gach aon scoil in Éirinn, agus go háirithe do scoil mar sin. In ainneoin go bhfuil €500 milliún á chaitheamh agam ar fhoirgnimh i mbliana sa chóras oideachais, tá rátú 4 tugtha do gach aon halla PE sa tír. Ní hé go bhfuil rátú 4 tugtha do Ghaoth Dobhair go díreach. Sa chéad dul síos, caithfidh mé an t-airgead a chaitheamh ar ranganna agus scoileanna nua, ar scoileanna do dhaltaí le riachtanais speisialta agus, ar ndóigh, ar scoileanna in áiteanna nach bhfuil scoil ar bith ann. Ba bhreá liom ní ba mhó a dhéanamh air sin, ach caithfidh mé féachaint cén saghas airgid a bheas agam an bhliain seo chugainn. Más féidir liom aon rud a dhéanamh, cuirfidh mé an phobalscoil san áireamh, ach go dtí sin, ní féidir liom aon rud a fhógairt.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Má thagann an tAire chun tosaigh le cinneadh de chineál éigin, beidh muintir Ghaoth Dobhair an-ghníomhach, agus beidh siad ábalta airgead a chur ar fáil iad féin fá choinne cuidiú leis an tionscnamh. Beidh freagra deimhneach ar fáil ó phobal na háite, mar tuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá sé seo don scoil.