Dáil debates

Tuesday, 11 October 2005

 

Physical Education Facilities.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an Aire as freagra measartha cuimsitheach a thabhairt domh. Tuigim go dtuigeann sí féin faoi mar atá cúrsaí chomh fada agus a bhaineann siad le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, scoil lán-Ghaelach ina ndéantar gach ábhar trí Ghaeilge. Is dócha gur Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon cheann i dTír Chonaill i láthair na huaire nach bhfuil halla aclaíochta nó PE aici.

Tá an scoil ann le 25 bliain. Tá sí ag ceiliúradh na hócáide i láthair na huaire. Bheadh sé ina bhronntanas iontach dóibh dá mbeadh fógra le theacht ón Aire roimh dheireadh na bliana go mbeidh an cás á bhrú ar aghaidh ar an laghad. Chomh fada agus a thuigim, tá sí go fóill ag céim 4. Tá sí síos ar an liosta tosaíochta. An bhféadfadh an tAire treoir a thabhairt do mhuintir na Roinne í a chur chun tosaigh sa dóigh, nuair a bheas na hacmhainní ar fáil, go mbeidh tosaíocht níos mó ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair? Tá an scoil náisiúnta in aice léi, agus caithfimid buíochas a ghabháil leis an Aire as bualadh le toscaireacht ón scoil nuair a bhí sí ar a chéad turas go Dún na nGall. Tuigeann sí an cás. Tá sí ina haonar i dTír Chonaill anois, mar níl aon scoil eile den mhéid céanna ann nach bhfuil halla den chineál seo aici. An bhféadfadh an tAire comhartha dóchais de chineál éigin a thabhairt dóibh sa bhliain shuntasach seo nuair a bheas siad bunaithe 25 bliain?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.