Dáil debates

Thursday, 19 May 2005

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 1: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise chinneadh an Bhoird Pleanála maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist aige dul i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil féachaint le rialacháin a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 a chuirfeadh iallach ar lucht forbartha ráiteas tionchair teanga neamhspleách a chur ar fáil maidir le forbairt i gceantair Ghaeltachta. [16796/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimhir 284, 285 agus 286 faoin ábhar seo ar 10 Bealtaine 2005.

Tuigeann an Teachta, ar ndóigh, gurb í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na hÚdaráis Áitiúla atá freagrach as cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs chuspóir lárnach mo Roinne maidir le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga na Gaeltachta, áfach, fáiltím roimh an gcinneadh a rinne An Bord Pleanála. Is cosúil go mbeidh gá codán faoi leith de thithe a chur ar leataobh feasta do lucht labhartha na Gaeilge i gcás forbairtí ar nós eastáit tithíochta sa Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an beartas seo mar thaca praiticiúil chun an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is fiú a rá freisin gur chuir mo Roinn aighneacht chuig An Bord Pleanála i 2004 chun aird an bhoird a tharraingt go sonrach ar an gcontúirt a d'fhéadfadh a bheith bainteach le lonnaíocht ar nós eastáit tithíochta i gceantair oifigiúla Gaeltachta. Cuireadh béim ar an ngá le straitéisí réadúla cuí a fhorbairt chun díriú ar riachtanais na gceantar seo i gcomhthéacs teangeolaíoch. Chomh maith leis sin, i 2003 cuireadh aighneachtaí chuig na húdaráis áitiúla ar fad a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram d'fhonn a n-aird a tharraingt ar na dualgais atá orthu i ndáil leis an nGaeilge sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an Achta thuasluaite.

Ar mhaithe le cuidiú leis an bpróiseas, tá fó-ghrúpa NASC ag feidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta atá ag obair faoi láthair ar dhréacht-threoirlínte. Tuigtear go bhfuil sé i gceist na treoirlínte seo a eisiúint chomh luath agus a bheidh siad aontaithe. Sa chomhthéacs seo freisin, bhí mo Roinn i dteagmháil le déanaí leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi chúrsaí pleanála go ginearálta sa Ghaeltacht d'fhonn na féidearthachtaí maidir le seimineár faoin ábhar a chíoradh leo. Tá an scéal seo go ginearálta á mheas faoi láthair ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Chuir muid uile fáilte roimh chinneadh an Bhoird Pleanála go mbeadh tuiscint áirithe maidir le labhairt na Gaeilge i scéimeanna móra tithíochta a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht. An é barúil an Aire go ndéanfaidh idirdhealú idir scéim mhór tithíochta, ina bhfuil níos mó ná 12 ann, múna gcuirtear uimhir áirithe acusan ar fáil do lucht na Gaeilge go mbeidh tionchar láidir Béarla ag a leithéid sa Ghaeltacht?

I scéim mar sin, beidh daoine le Béarla mar an chéad teanga acu. An bhfuil plean ann le cuidiú le daoine nach bhfuil an Ghaeilge agus a fhaigheann tithíocht mar sin an Ghaeilge a fhoghlaim? De ghnáth, bíonn an Béarla in uachtar muna mbíonn cuidiú de chineál éigin ar fáil do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge acu.

Tá teagmháil idir Roinn an Aire agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. An bhfuil meitheal idir-ranna bunaithe ag an Aire leis an teagmháil seo a chur ar bhonn phraiticiúil mar tharla gur chomh-chinneadh a bhí ann idir an dhá Roinn maidir leis an rialachán seo a dhréachtú?

Dúirt an tAire go ndearna sé teagmháil leis na húdaráis áitiúil i ngach contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta. An bhfuair sé aon fhreagra ar ais? An bhfuil polasaí teanga dréachta nó curtha i bhfeidhm ag na húdaráis seo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá caint faoi láthair ag go leor daoine maidir le treoirlínte faoi alt 33 den Acht. Bhí an cheist a chuir an Teachta bainteach leis sin. Má bhreathnaíonn duine ar alt 33 den Acht Pleanála, feictear domsa go mbaineann na treoirlínte a d'fhéadfadh an tAire a dhéanamh faoin Acht seo maidir le cúrsaí riaracháin. Deir alt 33(1) "The Minister shall by regulations provide for such matters of procedure and administration as appear to the Minister to be necessary or expedient in respect of applications for permission for the development of land.". Ag dul ar aghaidh, tá alt 33(3)(a):

Regulations under this section may, for the purposes of securing the attainment of an objective included in a development plan pursuant to section 10(2)(m), require any applicant for permission to provide the planning authority with such information, in respect of development

Tugann an t-alt sin cumhacht áirithe don Aire rialacháin a dhéanamh ach go mbaineann siad le cúrsaí riaracháin, cúrsaí nósmhaireachta agus cúrsaí eolais ach nach mbaineann siad le cuid mhaith den ábhar a bhíonn an pobal i gcoitinne ag plé.

Tá cumhacht eile ag an Aire agus seo an ceann a bhfuil muid ag breathnú níos géire uirthi faoi láthair mar tá sé ag teastáil: treoirlínte tá cumhacht ag an Aire le tithíocht tuaithe treoirlínte a réiteach. Tá grúpa ar bun, NASC, le hionadaithe óna comhairlí contae éagsúla Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, Maigh Nuad agus mo Roinn ag plé le treoirlínte, agus go leor oibre déanta orthu. Tá i gceist againn an seimineár seo a thógáil timpeall ar na treoirlínte sin a dhéanann iarracht go mbeidh réasúnta caighdeánach idir na comhairlíéagsúla le déileáil le hiarratais agus a gcinnidh a dhéanamh agus go mbeidh cur chuige aontaithe ann le déileáil leis an gceist seo.

Níor mhaith liom go n-éireoidh seo ar an teach aonarach. Ní ghá sin a dhéanamh, tá seo dírithe ar eastáit tithíochta. Sin an áit atá an dúshlán, go mór mór sa Rinn i bPort Láirge, Rath Carn agus Conamara, an trí Ghaeltacht is mó go bhfuil an chontúirt ann go mbáfar an Ghaeltacht le heastáit tithíochta. Caithfimid féachaint le rud éigin a dhéanamh faoi sin. Beidh na treoirlínte mar chuidiú don gceist sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní dhearna an tAire tagairt ar an cheist an bhfuil meitheal idir-ranna ar bun. Is dócha go bhfuil an tAire ag plé le heastáit tithíochta. An mbaineann seo le tithe aonaracha a thógtar? Tá cead ag duine teach aonarach a thógáil gan cumas teanga ag teacht isteach ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Sin an moladh a bheadh agam agus sin an rud atá i bplean Chontae na Gaillimhe. Sin an tuairim a bhí agam ó thosaigh mé ar an obair seo i 1996 mar chomhairleoir nuair a chuir muid an cheist seo don chéad uair ar bhealach substaintiúil. Tá dóthain srianta ar na tithe aonaracha. Ní féidir leis na céadta daoine theacht isteach agus tosú ag tógáil tithe aonaracha in áit ar bith sa tír. Bíonn an chasaoid ag daoine nach bhfuil an iomarca smacht ar an réimse sin ar fad. Ní shin an áit atá an bhagairt.

Tá an bhagairt iontach simplí. Má tá daoine saor le teacht isteach i gceantar lonnaíochta i Rath Carn agus 300 teach a thógáil amárach, agus tá seo ag tarlú sa Rinn i bPort Láirge, i bpobal beag Gaeltachta, athraíonn sin staid na teanga go hiomlán.

De bharr an rud a dúirt mé faoi treoirlínte agus an srian atá ar na rialacháin, tá muid ag díriú ar an mheitheal oibre atá ann, NASC, atá ag obair ar cheist na treoirlínte. Beimid ag plé leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil nuair a bheidh siad aontaithe againn féin. Ba mhaith linn teacht ar aontas eadrainn féin orthu mar sin an gléas a theastaíonn, agus ansin rachaidh muid chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.