Dáil debates
Thursday, 19 May 2005
Planning Issues.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimhir 284, 285 agus 286 faoin ábhar seo ar 10 Bealtaine 2005.
Tuigeann an Teachta, ar ndóigh, gurb í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na hÚdaráis Áitiúla atá freagrach as cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs chuspóir lárnach mo Roinne maidir le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga na Gaeltachta, áfach, fáiltím roimh an gcinneadh a rinne An Bord Pleanála. Is cosúil go mbeidh gá codán faoi leith de thithe a chur ar leataobh feasta do lucht labhartha na Gaeilge i gcás forbairtí ar nós eastáit tithíochta sa Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an beartas seo mar thaca praiticiúil chun an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.
Is fiú a rá freisin gur chuir mo Roinn aighneacht chuig An Bord Pleanála i 2004 chun aird an bhoird a tharraingt go sonrach ar an gcontúirt a d'fhéadfadh a bheith bainteach le lonnaíocht ar nós eastáit tithíochta i gceantair oifigiúla Gaeltachta. Cuireadh béim ar an ngá le straitéisí réadúla cuí a fhorbairt chun díriú ar riachtanais na gceantar seo i gcomhthéacs teangeolaíoch. Chomh maith leis sin, i 2003 cuireadh aighneachtaí chuig na húdaráis áitiúla ar fad a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram d'fhonn a n-aird a tharraingt ar na dualgais atá orthu i ndáil leis an nGaeilge sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an Achta thuasluaite.
Ar mhaithe le cuidiú leis an bpróiseas, tá fó-ghrúpa NASC ag feidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta atá ag obair faoi láthair ar dhréacht-threoirlínte. Tuigtear go bhfuil sé i gceist na treoirlínte seo a eisiúint chomh luath agus a bheidh siad aontaithe. Sa chomhthéacs seo freisin, bhí mo Roinn i dteagmháil le déanaí leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi chúrsaí pleanála go ginearálta sa Ghaeltacht d'fhonn na féidearthachtaí maidir le seimineár faoin ábhar a chíoradh leo. Tá an scéal seo go ginearálta á mheas faoi láthair ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
No comments