Dáil debates
Tuesday, 4 May 2004
Adjournment Debate.
Córais Uisce agus Séarachais.
8:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buÃochas leis an Leas-Cheann Comhairle, as cead a thabhairt dom an cheist phráinneach seo faoi chúrsaà uisce a ardú.
Deirtear in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá gur tháinig laghdú de 1.6% an duine ar uisce inólta ar fud an domhain idir 2001 agus 2002. B'fhéidir go gceapann daoine gur fadhb à seo don Mheán Oirthear nó do thuaisceart na hAfraice, ach tá scéal práinneach i gConamara maidir le córas uisce chomh maith. D'ardaigh mé an cheist seo cupla uair eile sa Teach. Le déanaà d'iarr mé ar an Leas-Cheann Comhairle gnó na Dála a chur ar athló faoi Bhuan Ordú 31 chun droch-scéal chóras uisce an Cheathrú Rua agus Loch an Mhuilinn a iniúcadh. Chuireas an cheist, conas agus cathain a déanfar an infheistÃocht de â¬13.2 milliún atá ar fáil le haghaidh córas nua uisce agus â¬3 milliún atá ar fáil le haghaidh córas séarachais a chur ar fáil do phobal na háite. Nà bhfuair mé freagra an uair sin ach, le cúnamh Dé, gheobhaidh mé freagra anocht.
Tamall ó shin, chuireas an cheist chéana ar an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Ãitiúil, cathain a bhéadh córas uisce nua ag an gCeathrú Rua agus ar ghlac an tAire leis an bpráinn a bhain leis an méid truailliú atá ag tarlú i Loch an Mhuilinn, as a dtagann soláthar uisce don phobal. Dúirt an tAire go raibh a Roinn ag feitheamh ar doiciméad conartha ón gcomhairle don scéim seo a fheabhsódh go mór caighdeán an uisce sa cheantar. Nà leor an freagra sin. Nà bheimÃs anseo sa Dáil dá mbeimÃs ag feitheamh ar vótaÃ. Nà mór dúinn dul ar a dtóir. Seo ceist eile a bhainean le heaspa práinne. Caithfimid dul ar thóir thorthaà ó thaobh chóras uisce de freisin.
Iarraim arÃs inniu go socrófar clár ama agus plean crÃochnúil chun córas soláthar uisce agus córas séarachais a chur ar fáil do phobal an Cheathrú Rua, i gConamara, a bhÃonn ag brath ar Loch an Mhuilinn. Tá an t-airgead ar fáil ach tá moill fós ar an obair. Séanann an moill seo cearta bunúsacha ar phobal na Gaeltachta.
Tháinig an cheist anÃos ag saotharlann dátheangach faoi chaighdeán uisce inólta sa tÃr a d'eagraigh Diarmuid Mulcahy, ionadaà Glas a thagann ó Chonamara, ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais i nGaillimh le déanaÃ. I rith na saotharlainne, deineadh cur sÃos cruinn ar an scéal scannalach a bhaineann le córas uisce agus córas séarachais ar an gCeathrú Rua.
Thug mé féin agus mo bhean cuairt ar Loch an Mhuilinn agus chuir Diarmuid Mulcahy muintir na háite in aithne dom, coiste uisce an Cheathrú Rua san áireamh. Bhuaileamar le Peadar Mac Donncha, le Colm à Cuaig, le Tomas de BhailÃs, le Rónán à Sé, laoch na páirce, agus, gan amhras, le Seosamh à Cuaig, i measc go leor daoine eile. Ba léir dom go raibh fadhb mhór i gceist nuair a sheasamar ar bhruach an locha agus chonaiceamar clúdach pÃopa séarachais a bhÃonn a sileadh amach an truailliú nuair a bhÃonn báisteach trom ann â agus isteach leis an dtrualliú i Loch an Mhuilinn. Tógtar uisce inólta, mar a tugtar air, as an loch 20 nó 30 méadar ón bpointe seo. Muna mbéadh an t-uafás clóirine a úsáidtear, bhéadh pobal na háite an-bhreoite ar fad.
Le déanaÃ, theip ar an bpumpa clóirÃne â nÃorbh é an chéad uair é â agus eisÃodh fógra práinne ag Comhairle Chondae na Gaillimhe ag rá le muintir na háite gan an t-uisce a ól nó, ar a laghad, é a bhruith agus a bheith an-chúramach. I ndáirÃre, bhà daoine scanraithe roimhe sin. Nà hionann uisce úr glan agus uisce atá lán de chlóirÃn. Is ábhar nimhneach é clóirÃn go fad-téarmach agus nà cheart an droch-scéal seo a ghlacadh a thuilleadh.
Mhol an EU petitions committee gur cheart go mbéadh an scéal seo san áireamh i measc go leor scéalta eile faoi thruailliú uisce sa tÃr. Bhain na cásanna eile le scéimeanna uisce grúpa agus nà le córas poiblÃ. Fágann seo go bhfuil an cás seo eisceachtúil ar fad. Ba cheart don Aire Stáit insint dúinn cathain, go dÃreach, a caithfear an t-airgead atá ar fáil. Nà féidir an scéal a sheasamh a thuilleadh.
Pat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé i gceist infheistÃocht â¬4.4 billiún ina iomlán a chur ar fáil do sheirbhÃsà uisce agus séarachais ar feadh thréimhse an Phlean Fhorbartha Náisiúnta, 2000-2006. As an méid sin, tá â¬3.8 billiún sonraithe do mhórscéimeanna poiblÃ. Tá an infheistÃocht seo dÃrithe ar na seirbhÃsà uisce agus uisce drámhaoile is gá a chur ar fáil chun tacú leis an bhforbairt eacnamaÃoch agus sóisialta, le táirgeadh na fostaÃochta, le cothú na rátaà borrtha arda agus le caighdeáin arda timpeallachta a bhaint amach.
FógraÃodh clár infheistÃochta do sheirbhÃsà uisce nua i mà Lúnasa seo caite i leith na tréimhse ó 2003 go 2005. Tá 737 scéim sa chlár, le luach â¬5.4 billiún san iomlán orthu. Is cúis áthais dom é go bhfuil Gaillimh ag baint tairbhe suntasach as an gclár seo. Tá 54 scéim i gceist, ar luach thar â¬465 milliún, don chathair agus don chontae. Tá maoiliú curtha ar fáil feisin faoi thionscnamh an talaimh dheisithe chun láithreáin chonaithe deisithe breise á chur ar fáil chun freastal ar riachtanais tithÃochta in áiteanna éagsúla ar fud an chontae.
Gach rud san áireamh, is léir go bhfuil Gaillimh ag fáil a chion chóir den mhaoiniú atá ann agus go gcuirfidh na scéimeanna atá faofa go mór le constaicà ar an bhforbairt a bhaint as an tslà agus leis an bonneagar riachtanach a chruthú chun tacú leis an ngnÃomhaÃocht tuarasóireachta, gnó, tionsclaÃoch agus tithÃochta sa chontae agus à a mhéadú.
Maidir le Ceathrún Rua, tá scéim uisce réigiúnach Chasla, a chuirfidh soláthar uisce nua ar fáil don Cheathrú Rua, sa chlár infheistÃochta uisce 2003-2005. Tá tógáil na scéime le tosú an bhliain seo chugain. In Aibreán 2003, ghlac an Roinn le moltaà ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an réamhthuairisc ar an scéim a thabhairt suas chun dáta agus tá mo Roinn ag feitheamh anois leis an dtuairisc sin.
Tuigim go ndeimhnÃonn an tuairisc is deireannaà ón GhnÃomhaireacht um Chosaint Comhshaoil, EPA, nach sáraÃonn soláthair uisce na Ceathrún Rua na tomhaisà sláinte poiblà atá leagtha sÃos d'uisce inólta. Tuigim gur de bharr faidhb theicniúl a réitÃodh chomh tapaidh as a b'fhéidir a bhà an córas uisce seo as eagar go sealadach i mà na Feabhra seo chaite. De réir tuairisc ón gComhairle chuig an Roinn, bhà torthaà ó tástálach ag an am ar uisce ag teacht ó Loch an Mhuilinn sasúil.
Ghlac mé le réamhthuairisc maidir le scéim séarachais na Ceathrún Rua i mà na Samhna 2003. Tá mo Roinn ag feitheamh anois ar doiciméad conartha ón gComhairle don scéim seo a fheabhsóidh go mór caighdeáin an uisce sa cheantar.
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Bhà sé le bheith réidh i mà Feabhra.
Pat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá tógáil na scéime seo freisin le tosú an bhliain seo chugainn.
Tá an t-airgead ar fáil ón Roinn chun na scéimeanna seo a thógáil. Déanfar scrúdú práinneach sa Roinn ar na doiciméid ón chomhairle chondae a luaithe is a faightear iad anseo.