Dáil debates

Tuesday, 4 May 2004

 

Córais Uisce agus Séarachais.

8:00 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)

Tá sé i gceist infheistíocht €4.4 billiún ina iomlán a chur ar fáil do sheirbhísí uisce agus séarachais ar feadh thréimhse an Phlean Fhorbartha Náisiúnta, 2000-2006. As an méid sin, tá €3.8 billiún sonraithe do mhórscéimeanna poiblí. Tá an infheistíocht seo dírithe ar na seirbhísí uisce agus uisce drámhaoile is gá a chur ar fáil chun tacú leis an bhforbairt eacnamaíoch agus sóisialta, le táirgeadh na fostaíochta, le cothú na rátaí borrtha arda agus le caighdeáin arda timpeallachta a bhaint amach.

Fógraíodh clár infheistíochta do sheirbhísí uisce nua i mí Lúnasa seo caite i leith na tréimhse ó 2003 go 2005. Tá 737 scéim sa chlár, le luach €5.4 billiún san iomlán orthu. Is cúis áthais dom é go bhfuil Gaillimh ag baint tairbhe suntasach as an gclár seo. Tá 54 scéim i gceist, ar luach thar €465 milliún, don chathair agus don chontae. Tá maoiliú curtha ar fáil feisin faoi thionscnamh an talaimh dheisithe chun láithreáin chonaithe deisithe breise á chur ar fáil chun freastal ar riachtanais tithíochta in áiteanna éagsúla ar fud an chontae.

Gach rud san áireamh, is léir go bhfuil Gaillimh ag fáil a chion chóir den mhaoiniú atá ann agus go gcuirfidh na scéimeanna atá faofa go mór le constaicí ar an bhforbairt a bhaint as an tslí agus leis an bonneagar riachtanach a chruthú chun tacú leis an ngníomhaíocht tuarasóireachta, gnó, tionsclaíoch agus tithíochta sa chontae agus í a mhéadú.

Maidir le Ceathrún Rua, tá scéim uisce réigiúnach Chasla, a chuirfidh soláthar uisce nua ar fáil don Cheathrú Rua, sa chlár infheistíochta uisce 2003-2005. Tá tógáil na scéime le tosú an bhliain seo chugain. In Aibreán 2003, ghlac an Roinn le moltaí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an réamhthuairisc ar an scéim a thabhairt suas chun dáta agus tá mo Roinn ag feitheamh anois leis an dtuairisc sin.

Tuigim go ndeimhníonn an tuairisc is deireannaí ón Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil, EPA, nach sáraíonn soláthair uisce na Ceathrún Rua na tomhaisí sláinte poiblí atá leagtha síos d'uisce inólta. Tuigim gur de bharr faidhb theicniúl a réitíodh chomh tapaidh as a b'fhéidir a bhí an córas uisce seo as eagar go sealadach i mí na Feabhra seo chaite. De réir tuairisc ón gComhairle chuig an Roinn, bhí torthaí ó tástálach ag an am ar uisce ag teacht ó Loch an Mhuilinn sasúil.

Ghlac mé le réamhthuairisc maidir le scéim séarachais na Ceathrún Rua i mí na Samhna 2003. Tá mo Roinn ag feitheamh anois ar doiciméad conartha ón gComhairle don scéim seo a fheabhsóidh go mór caighdeáin an uisce sa cheantar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.