Dáil debates

Tuesday, 4 May 2004

 

Córais Uisce agus Séarachais.

8:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle, as cead a thabhairt dom an cheist phráinneach seo faoi chúrsaí uisce a ardú.

Deirtear in eagrán an lae inniu den nuachtán gur tháinig laghdú de 1.6% an duine ar uisce inólta ar fud an domhain idir 2001 agus 2002. B'fhéidir go gceapann daoine gur fadhb í seo don Mheán Oirthear nó do thuaisceart na hAfraice, ach tá scéal práinneach i gConamara maidir le córas uisce chomh maith. D'ardaigh mé an cheist seo cupla uair eile sa Teach. Le déanaí d'iarr mé ar an Leas-Cheann Comhairle gnó na Dála a chur ar athló faoi Bhuan Ordú 31 chun droch-scéal chóras uisce an Cheathrú Rua agus Loch an Mhuilinn a iniúcadh. Chuireas an cheist, conas agus cathain a déanfar an infheistíocht de €13.2 milliún atá ar fáil le haghaidh córas nua uisce agus €3 milliún atá ar fáil le haghaidh córas séarachais a chur ar fáil do phobal na háite. Ní bhfuair mé freagra an uair sin ach, le cúnamh Dé, gheobhaidh mé freagra anocht.

Tamall ó shin, chuireas an cheist chéana ar an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, cathain a bhéadh córas uisce nua ag an gCeathrú Rua agus ar ghlac an tAire leis an bpráinn a bhain leis an méid truailliú atá ag tarlú i Loch an Mhuilinn, as a dtagann soláthar uisce don phobal. Dúirt an tAire go raibh a Roinn ag feitheamh ar doiciméad conartha ón gcomhairle don scéim seo a fheabhsódh go mór caighdeán an uisce sa cheantar. Ní leor an freagra sin. Ní bheimís anseo sa Dáil dá mbeimís ag feitheamh ar vótaí. Ní mór dúinn dul ar a dtóir. Seo ceist eile a bhainean le heaspa práinne. Caithfimid dul ar thóir thorthaí ó thaobh chóras uisce de freisin.

Iarraim arís inniu go socrófar clár ama agus plean críochnúil chun córas soláthar uisce agus córas séarachais a chur ar fáil do phobal an Cheathrú Rua, i gConamara, a bhíonn ag brath ar Loch an Mhuilinn. Tá an t-airgead ar fáil ach tá moill fós ar an obair. Séanann an moill seo cearta bunúsacha ar phobal na Gaeltachta.

Tháinig an cheist aníos ag saotharlann dátheangach faoi chaighdeán uisce inólta sa tír a d'eagraigh Diarmuid Mulcahy, ionadaí Glas a thagann ó Chonamara, ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais i nGaillimh le déanaí. I rith na saotharlainne, deineadh cur síos cruinn ar an scéal scannalach a bhaineann le córas uisce agus córas séarachais ar an gCeathrú Rua.

Thug mé féin agus mo bhean cuairt ar Loch an Mhuilinn agus chuir Diarmuid Mulcahy muintir na háite in aithne dom, coiste uisce an Cheathrú Rua san áireamh. Bhuaileamar le Peadar Mac Donncha, le Colm Ó Cuaig, le Tomas de Bhailís, le Rónán Ó Sé, laoch na páirce, agus, gan amhras, le Seosamh Ó Cuaig, i measc go leor daoine eile. Ba léir dom go raibh fadhb mhór i gceist nuair a sheasamar ar bhruach an locha agus chonaiceamar clúdach píopa séarachais a bhíonn a sileadh amach an truailliú nuair a bhíonn báisteach trom ann — agus isteach leis an dtrualliú i Loch an Mhuilinn. Tógtar uisce inólta, mar a tugtar air, as an loch 20 nó 30 méadar ón bpointe seo. Muna mbéadh an t-uafás clóirine a úsáidtear, bhéadh pobal na háite an-bhreoite ar fad.

Le déanaí, theip ar an bpumpa clóiríne — níorbh é an chéad uair é — agus eisíodh fógra práinne ag Comhairle Chondae na Gaillimhe ag rá le muintir na háite gan an t-uisce a ól nó, ar a laghad, é a bhruith agus a bheith an-chúramach. I ndáiríre, bhí daoine scanraithe roimhe sin. Ní hionann uisce úr glan agus uisce atá lán de chlóirín. Is ábhar nimhneach é clóirín go fad-téarmach agus ní cheart an droch-scéal seo a ghlacadh a thuilleadh.

Mhol an EU petitions committee gur cheart go mbéadh an scéal seo san áireamh i measc go leor scéalta eile faoi thruailliú uisce sa tír. Bhain na cásanna eile le scéimeanna uisce grúpa agus ní le córas poiblí. Fágann seo go bhfuil an cás seo eisceachtúil ar fad. Ba cheart don Aire Stáit insint dúinn cathain, go díreach, a caithfear an t-airgead atá ar fáil. Ní féidir an scéal a sheasamh a thuilleadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.