Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Irish Language
2:45 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Maidir le cúrsaí oideachais, ba chóir don Teachta ceisteanna a chur ar an Aire oideachais. Tá tuairimí suimiúla ag an Teachta ach ba cheart dó na tuairimí sin a phlé leis an Aire oideachais, an Teachta Hildegarde Naughton. Thug mé freagra maidir leis an méid atá ag tarlú le Gaeilge 365. Léiríonn sé sin an fuinneamh agus na cúrsaí nua atá ar bun chun an Ghaeilge a spreagadh. Táthar ag baint úsáid as na meáin shóisialta, as seirbhísí na gcomhairlí áitiúil i mBaile Átha Cliath, as seirbhísí daoine agus as leabhair. Maidir le ceist dheireanach an Teachta, tá €2 milliún bhreise tugtha d'Fhoras na Gaeilge le haghaidh clár na leabhar Gaeilge. Leis na leabhair Ghaeilge, beidh déagóirí agus páistí in ann an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs difriúil agus suimiúil. Tá leabhair nua maidir le teicneolaíocht agus gach rud eile á bhfoilsiú de thoradh ar an airgead breise sin. Tuigim an frustrachas atá ar an Teachta ach, maidir le haon rud le haghaidh na Roinne oideachais, ba chóir dó an frustrachas sin a ligean amach ar an Aire oideachais.
No comments