Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Irish Language
2:45 am
Barry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)
Táim fíorbhuíoch as sin. Tá na daoine atá ag obair le Gaeilge 365 ag déanamh obair na gcapall. Maidir leis an rud faoina raibh mé ag caint leis an Aire níos luaithe, níl sé greanta i gcloch. Tá a fhios agam nach bhfuil an tAire sa Roinn oideachais ach tá go leor eolais aige mar gheall ar an ábhar seo. Táim ag iarraidh an rud a dúirt mé a shoiléiriú. Nílim ag iarraidh dhá ábhar. Táim ag iarraidh an t-ábhar a athrú. Tá a fhios ag an Aire nach bhfuil an Ghaeilge i leabhair. Tá pop-up Gaeltacht sa teach tábhairne, tá Féile na Gealaí i Ráth Chairn agus tá go leor initiatives eile ann. Tá an fuinneamh atá sa Ghaeilge anois craiceáilte. Maidir leis an rud atáim ag iarraidh a dhéanamh, cén fáth go bhfuilimid ag foghlaim "An Spailpín Fánach"? Is cuma le gach duine faoi sin. B'fhéidir go bhfuil go leor daoine á iarraidh ach caithfidh daoine a bheith ag labhairt na Gaeilge. Tá sé beo. Níl sé sa leabhar. Ba chóir féachaint ar an rud a rinneadh sa Bhreatain Bheag.
No comments