Dáil debates

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Irish Language

2:45 am

Photo of Barry HeneghanBarry Heneghan (Dublin Bay North, Independent)

Tuigim é sin. Tá brón orm ach tá go leor eolais ag an Aire faoin ábhar seo. Tá fearg orm faoi. Táim 27 mbliana d'aois. Tá glúin nua ag teacht anuas agus iad ag foghlaim an rud céanna a d'fhoghlaim mé féin. Ní bheadh Gaeilge agam gan mo dheirfiúr. Nílim ag cur aon shade ar fhilí. Is file í mo dheirfiúr ach caithfimid an rud a athrú. Tá sé sean. Níl sé don ghlúin seo. Bhí mé ag caint leis an Aire faoi seo. Má fhéachann tú ar an teanga nádúrtha sa Bhreatain Bheag, is léir go bhfuil siad ag déanamh an rud ceart. Tá siad ag athrú sa roinn agus is é sin an rud is tábhachtaí.

Caithfimid caimiléireacht a dhéanamh ar an rud seo agus an méid atá ag obair sa tír eile seo a dhéanamh leis an teanga dúchasach anseo. Tá a fhios agam nach hé an Teachta Calleary an tAire oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.