Dáil debates

Thursday, 11 May 2023

An Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge: Motion

 

4:05 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, leis an gCathaoirleach, le baill an choiste agus le rúnaí an choiste as an obair atá déanta. Níl aon ionadh orm go bhfuil an tuarascáil seo déanta agus go bhfuil an detail ann, mar gheall go raibh mé ar an gcoiste le haghaidh cúpla bliain. Níor éalaigh mé ón choiste ach rinne mé treo difriúil. Gabhaim buíochas leis agus le gach duine a bhí páirteach ann. Tá mé anseo ar son an Aire Stáit, an Teachta O'Donovan. Ní raibh sé in ann a bheith anseo, ach mar a oibríonn sé amach, tagann cúrsaí CETA faoin bpost nua atá agam sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Tá mé ag coimeád súile ar an tuarascáil seo agus an treo a bhfuil sé ag dul.

Is cáipéis thábhachtach í tuarascáil an chomhchoiste maidir le CETA agus tá go leor pointí spéisiúla á bplé ann. Rachaidh mé trí na pointí is tábhachtaí de réir a chéile. Ach ar dtús báire, ba mhaith liom aitheantas speisialta a thabhairt d'oifigigh mo Roinne a d'oibrigh go han-dian air seo ar son phobal na hÉireann le linn na hidirbheartaíochta ar CETA. Is léir go raibh siad an-choinsiasach agus díograiseach ina leith. Is léir dom go bhfuil rún daingean acu cúrsaí eacnamaíochta a fheabhsú do mhuintir na tíre trí chéile, lucht ghnó na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge san áireamh. Tuigim ón tuarascáil go gcreideann an coiste go bhfuil easnaimh nó fadhbanna le CETA ó thaobh na Gaeilge, na Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge de. Cé nach n-aontaím go mbeidh tionchar diúltach ar an nGaeilge, táimid in ann aon mhíthuiscintí a sheachaint le dea-chumarsáid agus comhoibriú. Is iarracht í seo chun na míthuiscintí seo a shoiléiriú agus na fíricí i dtaobh na Gaeilge de agus i dtaobh na Gaeltachta de a chur ar an taifead oifigiúil. Níl ábhar buairimh sa chomhaontú do mhuintir na Gaeltachta ná do lucht labhartha na Gaeilge.

Tá CETA á chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas Eorpach agus ag Ceanada ón 21 Meán Fómhair 2017 agus, mar atá amhlaidh le fada, tacaíonn Éire go láidir le trádáil shaor, chothrom agus oscailte. Is margadh an-tábhachtach easpórtála é Ceanada, go háirithe dár ngnólachtaí dúchasacha, agus tá breis agus 400 cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann i mbun gnó i láthair na huaire i margadh Cheanada. D'easpórtáil Éire luach thart ar €4.2 billiún d'earraí agus de sheirbhísí go Ceanada i 2021. Is tír fhorásach nua-aimseartha é Ceanada; tá luachanna agus caighdeáin acu sa tír sin atá cosúil leis na luachanna agus na caighdeáin atá againn anseo in Éirinn. Tacaíonn an Rialtas seo le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta atá ar mhaithe le leas oibrithe, cáiníocóirí agus gnólachtaí i gceantair thuaithe agus uirbeacha na tíre seo. Tá na céadta mílte post ag brath ar an stádas atá ag Éirinn mar thír atá oscailte don trádáil idirnáisiúnta agus mar stát a thacaíonn le comhaontuithe saorthrádála. Ar an mbealach céanna, ní mór dúinn fanacht oscailte agus iomaíoch chun infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh chun na tíre seo.

Tá an geilleagar domhanda ag athrú ar bhealaí a fhágann go bhfuil an trádáil idirnáisiúnta níos tábhachtaí ná mar a bhí aon uair roimhe seo. Is geilleagar beag oscailte atá againn sa tír seo, agus táimid tar éis an-tairbhe go deo a bhaint as an obair atá déanta ag gnólachtaí atá dírithe go mór ar an easpórtáil agus iad ag trádáil ar fud an domhain. Dá bhrí sin, tacaímid go hiomlán le trádáil idirnáisiúnta atá leagtha amach go cothrom agus leis na comhaontuithe éagsúla saorthrádála atá réitithe ag an Aontas Eorpach, atá ina gcrann taca ag an saorthrádáil sin. ls é an bealach is fearr chun an easpórtáil a fhás agus éagsúlú margaidh a bhaint amach ná trí na téarmaí trádála do ghnólachtaí na hÉireann a fheabhsú. Tá sé tábhachtach go leanfaimid le rochtain níos fearr ar an margadh a chinntiú dár n-easpórtálaithe agus na costais a bhaineann le dul isteach sna margaí sin a laghdú.

Luadh cás cúirte Costello v.Rialtas na hÉireann go sonrach sa tuarascáil agus ba mhaith liom na pointí seo a leanas a lua leis na Comhaltaí ina leith. Ar an 11 Samhain 2022, rialaigh an Chúirt Uachtarach, le tromlach a ceathair in aghaidh a trí, go gcuireann Bunreacht na hÉireann cosc ar an Rialtas agus ar Dháil Éireann CETA a dhaingniú mar a sheasann dlí na hÉireann faoi láthair. Rialaigh an Chúirt Uachtarach freisin le tromlach de sé in aghaidh a haon go bhféadfadh an tOireachtas CETA a dhaingniú dá ndéanfaí athruithe áirithe ar an reachtaíocht. Bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí, is é measúnú tosaigh an Rialtais nach bhfuil reifreann ag teastáil agus gur féidir an daingniú a chur i gcrích a luaithe a dhéanfar roinnt athruithe ar an dlí intíre, is é sin, ar an Acht Eadrána 2010. Tá an Rialtas, i gcomhar le comhairleoirí dlí, ag déanamh breithniú anois ar na chéad chéimeanna eile sa phróiseas seo.

Faoi CETA, tiocfaidh feabhas ar an rochtain atá ag tomhaltóirí Cheanada ar earraí cruthaitheacha agus cultúrtha tábhachtacha an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann. Mar shampla, faoi CETA, tá deireadh anois le taraifí Cheanada ar sheodra ón Aontas Eorpach, rud a théann chun sochair do lucht easpórtála Éireannacha agus Eorpacha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus dearthóirí agus ceardaithe aonair. Agus deireadh curtha ag Ceanada le 99% dá chuid taraifí ar earraí ón Eoraip, tá a lán earraí cruthaitheacha agus cultúrtha ón Eoraip i bhfad níos saoire anois ar mhargadh Cheanada. Lena chois sin, tá teicstílí agus éadaí a dhéantar san Aontas Eorpach, mbíodh cáin 18% orthu tráth, saor ó tharaifí anois.

Tá caibidil iomlán i gcomhaontú CETA atá dírithe ar mhaoin intleachtúil tháirgeoirí an Aontais agus Cheanada a chosaint. Is buntáiste ar leith é seo do thionscail scannáin, ceoil agus foilsitheoireachta na hEorpa. Tá an coiste tar éis an-jab a dhéanamh ar chúrsaí foilsitheoireachta sa tír agus ar chúrsaí fhoilsitheoireachta Gaeilge ach go háirithe. Tá dlíthe maoine intleachtúla na hEorpa agus Ceanada bunaithe don chuid is mó ar chomhaontuithe idirnáisiúnta ar nós choinbhinsiún Bheirn chun saothair liteartha agus ealaíne a chosaint agus choinbhinsiún na Róimhe um chosaint taibheoirí, táirgeoirí phonogram agus eagraíochtaí craolacháin.

Faoi phróiseas comhréireachta CETA, baineann tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha an Aontais Eorpaigh leas anois as na cosaintí maoine intleachtúla céanna i gCeanada agus atá acu sa bhaile. Tá gealltanas tugtha ag Ceanada freisin go láidreoidh sé na hiniúchtaí teorann a dhéantar ar earraí tradmhairc góchumtha, agus is cinnte go mbeidh tairbhe le baint ag dearthóirí teicstíle, éadaí agus intí na hEorpa go háirithe as an mbeart seo. Tá Ceanada le dlús a chur freisin lena chuid iarrachtaí dul i ngleic le hearraí cóipchirt bradacha, rud a chuideodh go mór le healaíontóirí, ceoltóirí agus scríbhneoirí Éireannacha agus Eorpacha.

Mar is eol do na Comhaltaí, tá lorg na hÉireann i gCeanada agus tá diaspóra na Gaeltachta le feiceáil ann chomh maith. Tá nasc á chruthú idir an dá thír le blianta beaga anuas agus is deis í seo tógáil ar an dea-thoil i gCeanada i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar a tharlaíonn, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag tacú le Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada chun an Ghaeilge a scaipeadh i gCeanada faoina scéimeanna tacaíochta Gaeilge.

Bunaíodh an ciste tríú leibhéal thar lear i 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn in institiúidí tríú leibhéal i dtíortha eile.

ls iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur uirthi ar bhonn idirnáisiúnta. Cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir.

Ceapann Ireland Canada University Foundation, ICUF, teagascóirí Gaeilge do na hollscoileanna comhpháirtithe gach bliain chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil sna hollscoileanna. Chomh maith leis na ranganna Gaeilge, cuireann sé seisiúin ceoil, taispeántais sean-nós, imeachtaí comhpháirtíocht GAA agus go leor eile ar fáil. Faigheann na scoláirí blaiseadh de chultúr na hÉireann agus de chultúr na Gaeltachta agus iad linn sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse ghairid. Tuigim mífhoighneacht agus fearg an choiste nár foilsíodh an comhaontú i nGaeilge. Tá na cúiseanna nach foilsíodh é leagtha amach sa dlí ach níl mé sásta nár foilsíodh é as Gaeilge. Beidh mé ag iarraidh ar an Aire Stáit, an Teachta O'Donovan, é a fhoilsiú as Gaeilge chomh luath agus is féidir.

Is páirtithe iad Ceanada agus an tAontas Eorpach i gcoinbhinsiún UNESCO ar éagsúlacht léirithe cultúir a chosaint agus a chur chun cinn. Tá sé seo dearbhaithe go sainráite sa chomhaontú, lena n-áirítear an ceart atá ag na páirtithe a mbeartais chultúrtha a chaomhnú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, chun tacú lena dtionscail chultúrtha chun éagsúlacht na léirithe cultúrtha a neartú agus chun a bhféiniúlacht chultúrtha a chaomhnú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as bearta rialála agus as tacaíocht airgeadais. Tá sé sin leagtha amach sa chomhaontú agus tá sé sin láidir. Sa chomhthéacs sin, níl aon deacrachtaí ag teacht chun cinn faoi théarmaí an chomhaontaithe a mbeadh tionchar acu ar an gceart atá ag Stát na hÉireann tacú le tionscail agus le healaíontóirí cultúrtha atá bunaithe go háitiúil. Meabhraím do na Teachtaí freisin gur fiontair bheaga agus mheánmhéide iad os cionn 80% de ghnólachtaí cultúir agus cruthaitheacha na hEorpa. An laghdú atá tagtha ar bhacainní trádála agus ar tharaifí faoi chomhaontú CETA, cabhraíonn sé le dearthóirí, le healaíontóirí agus le gairmithe cultúrtha eile in Éirinn agus san Eoraip trí chéile a gcuid táirgí agus seirbhísí a dhíol agus a easpórtáil.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin obair shuntasach atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Ar nós obair Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail Éireann, a dhíríonn ar an Stát lasmuigh den Ghaeltacht, tá forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta lárnach in obair an údaráis. Mar a deir an t-údarás féin tá: “forbairt eacnamaíochta, caomhnú an chultúir agus na teanga, agus cruthú fostaíocht fite fuaite ina chéile agus lárnach i bhforbairt eacnamaíochta na Gaeltachta.” Tá sé mar bhunsprioc ag an údarás tacú le hacmhainní teanga, pobail, nádúrtha agus cultúrtha na Gaeltachta agus forbairt a dhéanamh orthu de réir an mhaoinithe a bhíonn ar fáil dó. Caithfear an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta a chur chun cinn agus a threisiú chun pobail labhartha Ghaeilge níos láidre a chothú. Tá dúshláin mhóra leagtha roimh an eagraíocht agus tá sé ag tabhairt fúthu le díocas agus le tiomantas a chinnteoidh go mbeidh neartú agus saibhriú na Gaeltachta mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí. Agus mé i mo phost sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tá an-suim agam a bheith ag obair leis an údarás chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

Ag breathnú dom ar an ollphictiúr, creidim gur buntáiste mór don Ghaeltacht agus don tír trí chéile é go bhfuil an comhaontú tagtha i bhfeidhm. Cuirim fáilte roimh thuairimí an Tí ar an ábhar agus ar an tuarascáil. Déanfaidh mé iarracht obair leis an gcoiste ar chúpla de na tuairimí sin ach tá roinnt de na tuairimí eile nach bhfuil mé in ann aontú leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.