Dáil debates

Thursday, 11 May 2023

An Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge: Motion

 

4:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis píosa cainte a dhéanamh faoin ábhar seo, atá thar a bheith tábhachtach. Ba mhaith liom a rá go hoscailte go bhfuil muidne, mé féin san áireamh, faoi chomaoin ag an Teachta Costello, a raibh de mhuinín aige an cás cúirte seo a thabhairt an bealach uilig suas go dtí an Chúirt Uachtarach. Ní raibh sé sin éasca dó agus gabhaim buíochas leis. Gabhaim buíochas le Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge freisin, a chuir spéis faoi leith san ábhar seo agus gabhaim buíochas leis an bhfoireann uilig sa choiste. Gabhaim buíochas leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais, a chuir an taighde ar fáil.

An rud atá ráite arís is arís sa ráiteas álainn seo i nGaeilge - agus mé ag foghlaim Gaeilge an t-am uilig - tá an rud ceannann céanna á rá ag an Rialtas, beag beann ar an méid atá ráite ag an gCúirt Uachtarach. Níl aon idirdhealú agus níl aon athrú tagtha ar an méid atá á rá. Is mór an trua go bhfuil an díospóireacht seo ag tarlú ar an Déardaoin agus gan ach beirt againn anseo. Seo ceann de na hábhair is tábhachtaí. Tagraím d'fhocail an Bhreithimh Hogan, ar leathanach 6 den bhreithiúnas a thug sé, i mBéarla, agus déarfaidh mé i nGaeilge agus i mBéarla é. Dúirt sé:

The issues which arise on this appeal accordingly go to the very heart of our constitutional architecture. All of this means that the present appeal may yet be regarded as among the most important which this Court has been required to hear and determine in its almost 100-year history.

Tá sé sin ráite ag Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge freisin. Ghlac an Chúirt Uachtarach cinneadh i gcás a d'fhéadfaí fós breathnú air i measc na gcásanna ba thábhachtaí a raibh ar an gcúirt seo éisteacht leis agus a rialú le beagnach 100 bliain dá stair. Bhí seachtar mbreithimh i gceist agus thug siad go léir breithiúnas. Tá mé i mbun na breithiúnais sin a léamh; níl siad críochnaithe agam fós mar tá an méid sin le léamh ann. Is fiú díriú isteach ar gach breithiúnas ach tá an méid a dúirt an Breitheamh Hogan ag croílár na ceiste. An féidir leis an Rialtas seo an conradh seo a shíniú mar atá sé? Tá sé ráite go soiléir neamhbhalbh nach féidir. Tá sé ráite ag an mBreitheamh Hogan agus ag breithimh eile nach féidir, de bharr Airteagail 5°, 34.1° agus 34.5.6° den Bhunreacht. Léifidh mé amach Airteagal 5° mar cuireann sé béim faoi leith ar Airteagal 5° agus sin na haltanna eile a chuireann i bhfeidhm é nó a thugann struchtúr dó. Maítear: "Is Stát ceannasach, neamhspleách, daonlathach Éire."

Ansin tagann an Rialtas le conradh agus bun agus barr an scéil ná go bhfuil an conradh seo go maith dúinn, go bhfuil sé bunaithe ar thrádáil sna margaí agus nach mbeidh aon chonstaic faoi leith ag cur isteach air sin agus gur cheart dúinn glacadh leis. Insítear dúinn gur cheart dúinn dul ar aghaidh agus gan ceisteanna a chur. Tá an Rialtas ag déileáil linn mar ghasúir. Insítear dúinn gan a bheith buartha mar go bhfuil an t-eolas ag an Rialtas. Cuireann an Rialtas inár gcoinne nach bhfuilimid ach ag feidhmiú mar Fhreasúra. Tá sé sin baolach. Bhain mé úsáid as na focail céanna níos luaithe nuair a dúirt mé go bhfuil sé baolach nuair a leanann Rialtas ar aghaidh ag rá go bhfuil an t-eolas uilig aige agus nach bhfuil an Fhreasúra ach ag cothú dochair nó trioblóide.

Rinne mise mo dhícheall teacht timpeall ar an gconradh seo. Ní féidir. Ní saineolaí mé agus tá sé thar a bheith deacair ach léigh mé an chuid is mó de na rudaí a bhí le rá ag na breithimh agus gan dabht tá ceisteanna tromchúiseacha ann nach bhfuil an Rialtas sásta caint fúthu.

Tá Bunreacht againn, buíochas le Dia. Tá an cúirt is airde sa tír ag rá linn nach féidir an conradh seo a shíniú mar atá sé, ós rud é go bhfuil sé ag cur isteach ar na breithiúna atá ag feidhmiú ar son muintir na tíre seo. Má shíneann muid an conradh seo, beidh deireadh leis an Ard-Chúirt ó thaobh aon rud maidir leis an gconradh seo. Níl aon chosaintí istigh anseo, in ainneoin go bhfuil cosaintí ann ó thaobh Ceanada de.

Is é sin an comhthéacs. Tá mise mar bhall den choiste a chuir an tuarascáil seo, leis an deich moladh atá curtha os comhair na Dála inniu, le chéile. Is fiú breathnú ar na moltaí sin. Ba mhaith liom freagra a fháil ón Rialtas maidir le gach ceann acu. Tá cúpla freagra leagtha amach ag an Aire Stáit. I gcás moladh Uimh. 1, "Molann an Comhchoiste go mba cheart go mbeidh leagan fordheimhnithe den Chomhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála ar fáil i nGaeilge". Samhlaigh go bhfuil orainn moladh mar sin a leagan amach agus a chur os comhair na Dála tar éis an méid oibre atá déanta ag an Roinn, ag an Rialtas agus ag an gcoiste. Táimid ag caint anseo faoi chonradh ach níl na focail Gaeilge againn mar gheall nach bhfuil aon chóip de ar fáil. Ní mór dúinn a rá gur aontaigh an coiste an tuarascáil seo ar bhonn traspháirtí - ní raibh aon duine ag easaontú leis na moltaí seo. Sa dara moladh, d'aontaigh an coiste gur chóir go mbeadh reifreann ar an gceist seo. Mar nach mbaineann sé sin leis an nGaeilge, leanfaidh mé ar aghaidh. I gcás moladh Uimh. 3, deirtear gur cheart go mbeadh "díolúine [ann] do na tionscail chultúrtha iomlán", cosúil leis an ndíolúine atá i gCeanada. Tá mícothromaíocht i gceist ón mhéid atá léite againn ar an gcoiste. I gcás moladh Uimh. 4, moltar "go gcuirfear dóthain acmhainní" ar fáil agus is rud leanúnach é sin.

Baineann moladh Uimh. 5 le "tuilleadh fiosrúcháin ... a dhéanamh ... ar ghnólachtaí beaga". Bhí easpa eolais againn ar thionchar an chonartha sa chomhthéacs seo. Is rud bunúsach é go mbeadh tuilleadh taighde i gceist maidir leis an tionchar a bheidh ag an gconradh ar ghnólachtaí beaga. Maidir le moladh Uimh. 6, "Molann an Comhchoiste go ndéanfaidh Comhchoiste eile Thithe an Oireachais anailís agus taighde dá gcuid féin .... ar impleachtaí an Chomhaontais". Baineann moladh Uimh. 7 le ceist na dteangacha. Cén fáth nach bhfuil na teangacha go léir ar an leibhéal céanna? Cén fáth go bhfuil an Béarla nó an Fhraincis ar leibhéal níos airde? I gcás moladh Uimh. 8 - agus smaoiním siar ar leathlá a chaith mé ag seoladh branda na Gaeltachta - moltar "go dtabharfaidh an Rialtas isteach an tsainiúlacht réigiúin ar fhóirdheontais le haghaidh táirgí Gaeltachta" cosúil leis na fóirdheontais atá leagtha amach. Tá mé ag rith as ama, ach bhíomar buartha faoin gceist seo. Tá mé ag iarraidh dul níos sciobtha. De réir moladh Uimh. 9, "Molann an Comhchoiste go ndéanfaidh an Rialtas taighde neamhspleách a lorg ó saineolaithe maidir leis na himpleachtaí a fhéadfaidh a bheith ag an gComhaontas, nó an bhagairt". Tá tábhacht ag baint leis an mbagairt a bheadh ann dá mbeadh aon chomhlacht síos ó thaobh brabús de. Tá bagairt ann go mbeadh cás inár gcoinne. I gcás moladh Uimh. 10, moltar "go dtabharfar díolúine chultúrtha agus oideachais do na Coláistí Samhraidh Gaeilge".

Tá deich gcinn de moltaí bunúsacha i gceist. Ba chóir go mbeadh freagraí ar na moltaí sin. Tá an tuarascáil seo scríofa le fada - níl a fhios agam cé chomh fada siar anois atá sé scríofa - agus ba chóir go mbeadh freagraí ar an deich moladh sin. Níl mé sásta go bhfuil an Rialtas, i mBéarla ná i nGaeilge, ag leanacht ar aghaidh leis na hargóintí ceannann céanna nach bhfuil aon dochar sa chonradh seo. Beidh muid in ann ár n-aigne a dhéanamh suas má tá an t-eolas uilig againn, má tá cóip den chonradh againn i nGaeilge, má théann an Rialtas i ngleic leis na dúshláin ón gCúirt Uachtarach agus má fhaigheann muid freagraí ar na hábhair imní atá ardaithe sna breithiúnais éagsúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.